Deireadh le Sceimhlitheoireacht Stáit Iosrael – deireadh leis an Chogadh Chinedhíothach ar Gaza

Tá Stát ciníoch coilíneach Iosrael tar éis borradh a chur faoina ionsaí cinedhíothach ar mhuintir Ghaza.

Tá idé-eolaíocht fhorchiníoch scothaicme Iosrael nochtaithe don tsaol mhór. “Ainmhithe” agus “barbaraigh” is ea iad na Pailistínigh dar le polaiteoirí Iosrael agus iad ag maíomh gur mhian leo “carrchlós a dhéanamh de Ghaza”

Agus iad ag leagan fosfar bán agus buamaí ar ospidéil, chuir Netanyahu póstáil amach: “Streachailt idir clann an dorchadais agus clann na gile, idir an daonnacht agus dlí na dufaire is ea í seo.” Faraor, déanann meáin agus polaiteoirí an Iarthair macalla ar dhídhaonnú na bPailistíneach le scéalta bréaga Islamafóbacha faoi dhícheannadh agus cur i gcéill eile.

Ní Féidir Élan

Sháraigh ionsaí fíochmhar fuilteach de chuid Stát Iosrael gach sléacht atá déanta acu go dtí seo cheana féin – le 3,478 Pailistíneach maraithe le himeacht 13 lá, trian dá gcuid ar pháistí iad.

Le básanna is gortaithe ag méadú i gcónaí, tá foirgnimh á leagan le trealamh míleata de chuid an cheathrú airm is mó ar domhan, cuid mhaith maoinithe ag SAM agus an AE. Tá na bealaí éalaithe ar fad dúnta. Rinneadh buamáil ar Thrasnú Teorann Rafah, an teorainn idir an Éigipt agus Gaza chun é seo a chinntiú. Táthar ag teannadh ar Ghaza ag cur bac ar leigheas, uisce, bhreosla, leictreachas agus bhia dul isteach sa Stráice – rud atá ag cur go mór leis an tubaiste dhaonnúlach.

Biden, an tAE agus a gCairde ar son an tSléachta 

Thug an tUachtarán Biden cuairt ar Iosrael, le croí isteach mór aige do Netanyahu, ag tabhairt dlisteanachta don tsléacht ar mhuintir Ghaza. Tá sé i ndiaidh aithris a dhéanamh ar bhréaga gan náire de chuid Iosrael gurbh iad Jiohád Ioslamach a bhí ciontach as ospidéal al-Ahli a bhuamáil.

Níl sé leis féin agus é ag tabhairt tacaíochta do Stát Iosrael agus a ainghníomhartha. Tá Seansailéar na Gearmáine Olaf Scholz agus Ursula von der Leyen tar éis cuairt a thabhairt air le Macron agus Rishi Sunak ar a mbealach. Tá na rialtais seo i ndiaidh iarracht a dhéanamh droch-chlú a tharraingt ar, agus coiriúlú a dhéanamh ar agóidí agus ghníomhachas in éadan sceimhlitheoireacht Stáit Iosrael le seachtain anuas.

Dlúthpháirtíocht á Tógáil

Tá na miliúin i ndiaidh teacht amach ar shráideanna na gcathracha is na mbailte móra ar fud na cruinne lena ndlúthpháirtíocht a léiriú do mhuintir na Pailistíne, tiocfaidh tuilleadh amach sna laethannta is sna seachtainí amach romhainn. Tapaímis an deis seo chun an fhearg cheartaiseach is an dlúthpháirtíocht a thabhairt linn isteach inár n-ionaid oibrithe, ár scoileanna is ár gcoláistí. 

Ba chóir d’oibrithe bheith i mbun gnímh chuige seo chun meaisín chogaidh Iosrael a chloí; leanaimis sampla na n-oibrithe duganna san Iodáil i mBealtaine 2021 a dhiúltaigh airm a bhí ar a mbealach chuig Iosrael a láimhseáil. Tógaimis brú chun díbirt Ambasadóir Iosrael a éileamh.

Fuascailte na bPailistíneach

Tacaíonn an Páirtí Sóisialach agus ár gcomheagraíocht in Iosrael/Palaistín, Gluaiseacht Streachailte Sóisialaí, go hiomlán le ceart na bPailistíneach tabhairt faoi chosaint is faoi fhrithbheartaíocht i gcoinne Sceimhlitheoireacht Stáit na nIosraelach agus an leatroim chiníoch faoina maireann siad. Ba chóir don streachailt a bheith eagraithe agus á stiúr ón bhun aníos, le slóite oibrithe, na mbocht agus na hóige eagraithe i gcomhairlí daonlathacha streachailte agus iad ar an dá thaobh den Líne Ghlas, i mbailte, sráidbhailte, ionaid oibre, scoileanna agus ollscoileanna. 

Ba chóir an ghluaiseacht a bhunú ar mhodhanna na streachailtí a bhí ann cheana sa Phailistín – stailceanna agus oll-léirsithe, cosúil leis an chéad Intifada in 1987 nó Stailc na Dínite i mí na Bealtaine 2021, le linn an fheachtas sceimhlitheoireachta deireanach de chuid Stát Iosrael ar Ghaza. Bhí ar Chumann Tógálaithe Iosrael admháil gur stop an stailc oibreacha ar na suíomhanna tógála, agus meastar nár tháinig ach 150 oibrí as 65,000 ar obair. 

Ag tús na bliana agus iad á gcur faoi chois sa Bhruach Thiar, d’éirigh le Pailistínigh ionaid oibre, siopaí agus seirbhísí a dhúnadh síos i gcoinne phogroim na lonnaitheoirí agus shléachtanna Arm Iosrael. An mhalairt ghlan atá ann i gomparáid le hionsaí brúidiúil gan indirdhealú de chuid Hamas ar 7 Deireadh Fómhair, rud a neartaigh cás Iosrael agus a gcaithfear seasamh ina éadan.

Tugann muid lán-tacaíocht do na oll-agóidí atá ar siúl sa Bhruach Thiar Ghafa in éadan Stát Iosrael agus a réimeas ar adhastar de chuid Údarás na Pailistíne. Caithfear deireadh a chur leis na lonnaíochtaí forchiníocha.

Áthrú Réabhlóideach Sóisialach

Caithfear streachailt ar son fhuascailt na bPailistíneach a cheangailt le hathrú córasach réabhlóideach sa réigiún, ag aontú an lucht oibre agus na mbocht mar chuid de streachailt i gcoinne an namhad coitianta, an caipitleachas agus an t-impiriúlachas. Caithfidh siad an chumhacht a thógáil ina lámha chun an tsochaí a athrú ó bhonn. Tá an lucht oibre Iosraelach-Giúdach ina measc, a mhaireann faoi stát atá ag éirí níos tiarnúla is níos tiarnúla, ag cur cearta daonlathacha faoi chois, agus atá ag fulaingt faoi éagothroime uafásach. Maireann 21% dóibh faoin líne bhoctanais. Tá fáinne fí cruthaithe ag an Stát seo agus mar gheall ar a ghníomhartha, is é Iosrael an áit is dáinséaraí ar domhan le bheith i do Ghiúdach.

Faoi réimis impiriúlacha a chuireann a ndaonraí faoi chois, mar Stát Iosrael is na stáit Arabacha éagsúla agus faoin chaipitleachas go ginearálta, níl ach bochtanas, foréigean agus cur faoi chois i ndán do na daoine a chónaíonn ann. Ní fhíorófar uaillmhianta náisiúnacha agus ní chosnófar cearta na mionlach. Caithfear deireadh a chur lena riail.

Is é atá i gceist le seo ná an saibhreas mór atá sa réigiún a thógáil amach as lámha príobháideacha agus é a chur faoi úinéireacht phoiblí agus smachta daonlathach. Ciallaíonn sé Meán-Oirthear sóisialach bunaithe ar riail dhaonlathach an lucht oibre agus na mbocht.

Total
0
Shares
Previous Article

Relentless massacre in Gaza: Imperialism backs Israeli State terror, solidarity with Palestine grows

Next Article

Israel / Palestine: Donate to build a movement on the ground against the war on Gaza with an amplified socialist voice

Related Posts