Ó Aisling go Bruna: Teastaíonn gníomh uainn chun deireadh a chur le méadú na míogaíochta foréigneach

Le Emma Quinn

Ba chlabhsúr tragóideach é marú Bruna Fonseca ar Lá Caille de bhliain nach bhfacthas a leithéid riamh ó thaobh feimeamharuithe is foréigin inscne-bhunaithe de. Drochthuar ar an bhliain úr 2023. Maraíodh í cúpla lá roimh chomóradh bliana Aisling Murphy, a chéad bhean a maraíodh in 2022.

Aon bhean déag eile a mharaigh fir sa stát seo idir an dá linn, go minic ina dtithe féin agus aithne acu ar an té a rinne. Dúnmharaíodh beirt bhan a bhí ag iompar le linn na Nollag: Natalie Mc Nally sa Tuaisceart agus Ailish Walsh, ó Bhaile Átha Cliath ó dhúchas, a maraíodh i Londain. Tá sé deacair a chreidiúint is a thuiscint gur le linn torchais is coitianta d’fheimeamharú agus is minic d’fhoréigean inscne-bhunaithe.

De réir staidéir a rinne an tOspidéal Rotunda, bhí duine as  gach ochtar atá ag  iompar ag fulaingt na mí-úsáide óna bpáirtithe agus go ginearálta déantar ionsaí fhisiciúil ar 30% de mhná don chéad uair agus iad ag iompar.

Paindéim Foréigin

Tugann clúdach ó na meáin chumarsáide léargas duairc ar an fhírinne shearbh a bhaineann le feimeamharú is foréigean inscne-bhunaithe: éigniú droinge déanta ag cúigear fear óg ar chailín sna déaga; íospartach óg éigniú droinge eile á mhaslú sa chúirt ag lucht a éignithe is ag an dream a thacaigh leo; bean ina 70í a mheall iarrpháirtí agus a mharaigh í go foréigneach; bean a bhí tinn le hailse á ciapadh is á céasadh ag páirtí bagarthach (iarrGharda) thar thréimhse fhada, mná a rinne páirtnéirí ionsaithe gnéis orthu agus iad ina gcodladh; stalcaireacht; dúnmharuithe hómphóibeacha agus ardú sna hionsaithe ar an phobal thrasinscne; mí-úsáid á déanamh ar pháistí agus páistí á marú.

Dar le Women’s Aid go léiríonn na staitisticí go raibh 2022 in “bliain uafásach d’fhoréigean ar mhná, in Éirinn agus ar fud an domhain.”  Sa Spáinn, mharaigh páirithe agus iarpháirtithe 11 bhean i mí na Nollag amháin. Sa chéad sé mhí se 2022, bhí méadú 23% ar éignithe a tuairscíodh agus ag tús mhí na Nollag, fuair an Garda Síochána 49,257 tuairisc fhoréigean baile, méadu de 9% don tréimhse chéana in 2021. Tá fhios againn nach bhfuil ann ach an chuid is lú den scéal. Fulaingíonn duine as gach triúr ban foréigean inscne-bhunaithe i rith a saoil. Níos lú ná 40% a lorgóidh cúnamh de shórt ar bith. Níos lú ná sin arís a dhéanfaidh tuairisc ar bith.

Níl go leor á dhéanamh.

Tá “paindéim an fhoréigin inscne-bhunaithe,” a rinne paindéim Covid i bhfad níos measa í, faoi lán seoil go fóill agus tá sé thar am rud éigin a dhéanamh fuithi. Ina dhiaidh mharú Aisling Murphy agus an raic a tógadh dá bharr, d’fhoilsigh an Rialtas “polasaí nach nglacfadh beag ná mór le foréigean baile, foréigean gnéasach ná le foréigean inscne-bhunaithe.” Céim chun cinn ach sop in áit na scuaibe mar is gnáth agus ródheireanach.

Cad chuige a dtógann sé cúig bliana chun 100 áit nua tearmainn a chruthú? Cad chuige a bhfuil géarchéim tithíochta againn atá ag imeacht in olcas le breis is deich mbliain anuas agus an bhrabúsaíocht ag cur ban idir dhá thine bealtaine, a bheith gan dídean ar láimh amháin nó fanacht i gcaidrimh dhrochídeacha ar an láimh eile? Cad chuige a bhfuil muid ag fanacht go fóill ar chlár oideachachais do na scoileanna? Tá an-chuid acu go fóill inscne-dheighilte agus tá a bhfórmhór faoi chúram na heaglaise – rud a dhéanann níos deacra é dul i ngleic le dearcthaí hómfóibeacha, trasphóibeacha agus gnéasaíocha, a chuireann le fadhb an fhoréigin inscne-bhunaithe is ghnéis.

Fuath ban agus ciníochas á gcothú d’aonturas.

Bhrath an córas caiplitleach ar chur faoi chois córasach na mban a riamh agus baineadh brabús as i gcónaí; ag baint leasa as róil inscne sheanfhaiseanta, dlithe, an stát chomh maith  le cur chun cinn struchtúr teaghlaigh patrarcach, ag déanamh cinnte de go ndéanann mná obair chúram riachtanach, ar phá íseal agus déanann na tionscadail áilleachta is gnéis oibiachtú agus dúshaothrú ar mhná ar son brabúis.

Ach ar na mallaibh, díreach ar nós an eite dheis ag cothú fuath ciníoch chun an locht a chur ar theifigh agus inimircigh as na géarchéimeanna tithíochta, sláinte agus foréigin inscne-bhunaithe féin go fiú, tá “tionchairí” frithbhanda ar nós Andrew Tate agus Jordan Peterson lárnach i ngluaiseacht atá ag cur smaointe seanfhaiseanta frithbhanda chun cinn.

Feictear anois, frithghníomh eagraithe i gcoinne gluaiseacht fheimineach dhomhanda agus gluaiseachtaí gníomhachta i gcoinne an chos ar bolg a thosaigh thiar ag tús na 2010í, ó Ni Una Menos go #MeToo agus BLM, na streachailtí ar son chearta ginmhillte agus chearta LADTA+ agus baineadh go leor amach ar fud an domhain.

Táthar ag díriú ar na milliúin buachaillí agus fir óga ar líne chun iad a mhealladh mar chuid den “manosphere:” cnuasach ollmhór de shuíomhanna idirlín, blaganna agus fóraim ag cothú na fearúlachta nimhe, teidlíocht na bhfear, agus cur in éadan an chomionnanas inscne. Tá na fuathaitheoirí ban agus na comhlachtaí meán sóisialta a úsáideann siad chun iad féin a chur chun cinn, ag déanamh brabúis ollmhóra (ag baint leasa as na halgartaim a chuireann ábhair chonspóideacha chun cinn, ag díriú ar dhéimeagrafaigh áirithe) as mealltóireacht a dhéanamh ar bhuachaillí is ar fhir i dtreo fuath ban ar scála ollmhór le tionchair as cuimse.

Tógaimis gluaiseacht shóisialach fheimineach.

Tá fuath ban, foréigean inscne-bhunaithe agus ciníochas á scaipeadh go forleathan ach ní rudaí nadúrtha ná dosheachanta iad. Tá sé ar leas an chórais chaipitligh scoilteanna de gach cineáil a chothú is a mhéadú, ina measc, an fhearúlacht nimhe agus róil righne inscne. Bailíonn na smaointe seo neart nuair a mhothaíonn daoine ar an imeall, nuair a bhíonn imní orthu agus mearbhall orthu dá bharr agus is de dheasca an domhain lán scriosta is anoird seo.

Léiríonn an fhianaise gurb iad gluaiseachtaí láidre gníomhacha sóisialta a bhíonn taobh thiar d’athruithe móra sóisialta – is í an fhírinne í ná go dtabharfaidh gníomhachas agus na feachtais seo daoine slán ón bhás, cuirfear na fuathaitheoirí ban chun cúil agus tabharfar dúshlán do dhearcthaí seanfhaiseanta ar bhonn ginearálta agus is é sin an bealach is éifeachtaí chun an rialtas a bhrú i dtreo gnímh.

Is mithid anois, níos mó ná a riamh, gluaiseachtaí lucht oibre agus sóisialacha a chur ar bun a léiríonn dlúthpháirtíocht dóibh siúd a bhíonn ag streachailt agus a thugann dúshlán do dhearcthaí frithghníomhacha  agus don chóras a chothaíonn iad. Is é seo an t-aon bhealach a chinnteoidh sochaí a riarfar ar bhonn daonlathach, ar leas an ghnáthdhuine agus gur féidir leis na hacmhainní a chur ar fáil do mhná chun iad a choinneáil slán ar an tsráid, sa bhaile agus iad atá ag iompar clainne.

Total
0
Shares
Previous Article

Far-right protests – how can we defeat racist division?

Next Article

China: From zero to max COVID

Related Posts