Scannal na dTailí Thithe Altramais: Mar a Chaitheann an Stát leis na Daoine is Leochailí

Le Finghín Kelly 

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo, go raibh rialtas i ndiaidh rialtais ó 2009 ar a laghad, i mbun feachtais fhíochmhair dlí i gcoinne na ndaoine is leochailí inár sochaí agus iad ag lorg chúram theach altramais.

Léiríonn na caipéisí gur cuireadh airí sinsearacha rialtais ó Fhine Gael, Fhianna Fáil agus Pháirtí an Lucht Oibre, ar an eolas go raibh an Stát i mbaol roinnt aosach a chúiteamh agus cúram de dhith orthu ach a raibh orthu dul faoi chúram na hearnála príobháidí de dheasca spás san earnáil phoiblí bheith gann.

Caimiléireacht Lofa

Ní raibh mórán acmhainní airgid ag na haosaigh seo, iad ar chártaí leighis agus mar sin iad ar theacht isteach íseal agus gan mórán airgid curtha i dtaisce acu. Bhí an-chuid acu idir dhá thine Bealtaine, dul gan chúram riachtanach nó brath ar bhaill a dteaghlach féin chun airgead mór a dhíol, cuid acu ag díol a dtithe nó athmhorgáiste a fháil chun na billí a dhíol. I gcás amháin, bhí ar theaghlach €120,000 a dhíol thar thréimhse 9 mbliana.

Nochtaíodh go soiléir an tseachtain seo caite go raibh fios maith ag na hairí faoin chleachtas seo. Dar le hairí sláinte éagsúla, Micheál Martin, Leo Varadkar agus Brendan Howlin de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, nach bhfuil an chuimhne rómhaith acu faoin chleachtas seo, ag déanamh tagartha do charn mór meamram is caipéisí a rachadh trasna a ndeasc – go bunúsach ag ní a lámh den rud agus ag cur an mhilleáin ar státsheirbhísigh shinsearacha. Níl aon teacht aniar sna hargóintí seo. Mar shampla, léiríonn an méid a tháinig chun solais, go raibh Simon Harris and Helen McEntee agus iad mar airí Sláinte agus Dlí is Cirt ag an am, ar an eolas agus tuairiscítear gur dheimhnigh siad an cur chuige seo.

Soiniciúlacht Stáit 

Léiríonn an méid a tháinig chun solais gur tuigeadh ag an am go gcaillfeadh an Stát cás cúirte. Mar bheart searbhasach, cheap siad straitéisí chun bac a chur ar an eolas iomlán teacht chun solais. Ina measc, socruithe taobh amuigh den chúirt ag an bhomaite dheireanach. Chiallaigh sé sin, muna mbeadh an t-airgead ag daoine sa chéad áit, nach dtiocfadh leo an Stát a thabhairt chun na cúirte chun cúiteamh a fáil agus nach mbeadh an pobal i gcoitinne ar an eolas faoin scéal.

Mhaígh Varadkar agus Martin ar feadh na seachtaine seo, nach raibh siad ar an eolas ach ag an am chéanna, chosain siad cur chuige an rialtais a shéan airgead ar dhaoine chun díol as cúram thithe altramais. Dar leo go raibh orthu an “cáiníocóir” agus an “ciste poiblí” a chosaint agus nach bhfuil aon cheart ann sa reachtaíocht chun chúram theach altramais príobháideach. Cosaint gan náire is ea í seo. Go bunúsach, dar leo go gcosnódh cúram theach altramais airgead agus nach bhfuil siad féin toilteanach é a dhíol.

Réimeas Íseal-chánach do na hOllshaibhre 

Is cosaint de facto í seo do réimeas cánach a fhágann seirbhísí poiblí agus iad siúd atá spleách orthu ar an trá fholamh agus gan ach fíorbheagán cánach a ghearradh ar na hollshaibhre. Dar leo nach gclúdaíonn an reachtaíocht ó 1970 an ceart dleathach chun cúraim agus mar sin, nach bhfuil neart ar an scéal. Cé eile ach an dá pháirtí sin a bhí i gcumhacht ar feadh an 53 bliana ó shin agus b’fhurasta dóibh, dá mba mhian leo, an reachtaíocht a athrú ag am ar bith!

Bhrúigh an Rialtas bille tríd an Dáil a shéanfadh cúiteamh ar 40% d’íospartaigh ó na hárais máithreacha is leanaí.

Tháinig sé chun solais chomh maith nár íocadh iad siúd a bhí i dteideal íocaíochtaí sochair míchumais má bhí cónaí orthu in institiúdaí.

Ní i bhfad ó shin ach oiread a thug an Stát dúshlán cúirte d’íospartaigh scannal thastálacha mhuineál na broine in ainneoin iad a bheith go dona tinn.

Éagothroim Chórasach

Léiríonn sé seo uilig an cultúr cruachroíoch cruálach atá fite fuaite sa bhunaíocht chaipitleach á cur i bhfeidhm ag airí de chuid Fhianna Fáil, Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre agus cohórt saineolaithe dlí agus státseirbhíseach sinsearach.

Scaradh iomlán leis an chur chuige seo agus an córas as a n-eascraíonn sé a mholann sóisialaigh. Ba chóir go ndearcfaí ar chúram sláinte agus sheirbhísí poiblí d’ardchaighdeán mar cheart bunúnasach ar cheart cur ar fáil do chách. Seirbhís sláinte phoiblí aon-sraithe a maoineofaí go poiblí agus a mbeadh ar fáil saor in aisce ag pointe a húsáide, ó bhreith go bás, atá uainn. Fágaimis brabúsaíocht ón drochshláinte inár ndiaidh.

Chuirfeadh leithéid de chóras daoine ar a suaimhneas agus chinnteodh sé seasmhacht airgeadais dóibh siúd a mbeadh cúram altramis nó aon sórt cúraim uathu. Ní fhulaingeodh éinne cruatán dá bharr agus ní bheadh orthu an Stát a thabhairt chun na cúirte chun a gcearta a bhaint amach.

Total
0
Shares
Previous Article

Review: A Road Map for the US-China Cold War

Next Article

Turkey / Syria / Kurdistan earthquakes: Horrific death toll – fate has nothing to do with it

Related Posts