Tugaimis Droim Láimhe don Chaipitleachas – Tá Sé in Am don tSóisialachas!

Le Manus Lenihan

Cé nach mbeadh ag iarraidh an nuacht a sheachaint leis an oiread sin scéalta faoi chogadh, thinneas agus athrú aeráide? Shílfeá nach mbainfeadh aon rud siar asat agus ansin feicimid an t-ár uafásach is déanaí a rinneadh ar pháistí I Meiriceá. Cén bealach go bhfuil a leithéid ag tarlú go fóill? 

Ré nua forásach a bhí in ann dúinn a gheall ár gceannaí dúinn 30 bliain ó shin nuair a bhí an bua ag an chaipitleachas ag deireadh an Chogaidh Fhuair. Fágadh an bealach don chaipitleachas gan bac ar bith air ar feadh 30 bliain. Thug sé muid chuig an staid seo ina bhfuil an tóin ag titim as córas soláthair bia an domhain. Scéal eile nach mbeadh ar eolas ag cách ná an ráig bruitíní sa Bhrasaíl in ainneoin í bheith díothaithe ón tír leis na blianta fada. In ainneoin na mbuanna a baineadh amach ar son na mban is an phobail LADTA, feictear imní agus scaoll á ngríosú le fórsaí frithgníomhacha ag déanamh scéal chailleach an uafáis de dhul chun cinn an phobail trasinscne. Feicimid chomh maith, an cúlú ar chearta coirp na mban le srianta ar rochtain ghinmhillte sa tSín agus i SAM.

Cén fáth go bhfuil an domhan ina chíor thuathail? Cén fáth go bhfuil rudaí ag éirí níos measa seachas níos fear?

Meath an Chaipitleachais

Is é an caipitleachas, an córas faoina maireann muid, ina mbíonn maoin an tsaoil i seilbh na saibhir agus na gcomhlachtaí móra agus a infheistítear ar son an bhrabúis, is cúis le go leor de na fadhbanna seo. Déantar dúshaothrú orainn mar oibrithe, déantar robáil orainn mar thomhaltóirí sna siopaí agus cuirtear an dallamhullóg orainn i dtaobh chúrsaí polaitíochta ag séanadh cumhachta chun athruithe orainn.

Sampla amháin is ea an ghéarchéim tithíochta in Éirinn. Cén fáth nár réitíodh go fóill í? Is é an fáth ná gur tháinig na polaiteoirí caipitleacha aníos le réiteach caipitleach; na hollchomhlachtaí is na hollchistí a mhealladh chun tithe a thógáil. Ach, níl déanta ag na súmairí lofa seo ach praghasanna a chur suas agus tá méid na dtithe a thóg siad ró-íseal chun cuidiú leis 10,000+ atá gan dídean.

Feiceann muid na fadhbanna a chruthaíonn an tóir bhuile ar bhrabús ar fud na háite. Téann praghasanna stoic na gcomhlachtaí airm suas go mór nuair a bhíonn cogadh nó sléacht scoile ann. Déanann na hollchomhlachtaí fuinnimh is cumhachtaí brabús as ollscrios na timpeallachta. Tá roinnt cúiseanna leis na hardaithe sna billeanna leictreachais, praghasanna siopadóireachta agus praghasanna breosla. Ach an caipitleachas is cúis leo uilig; brabúsaíocht, cogadh impiriúlach agus na slabhraí soláthair “díreach in am” atá i seilbh dornáin bhig comhlachtaí cumhachtacha. 

Is ar leas na gcomhlachtaí móra seo a bhíonn an chuid is mó de pholaiteoirí ag obair. Is fíor seo don “lár liobrálach” macasamhail Macron, Biden agus Varadkar chomh maith leo siúd i bhfad amach ar dheis; Trump, Le Pen srl. Cogadh na gCultúr nach bhfuil ann ach cur i gcéill an cur chuige atá acu agus iad ag iarraidh daoine a mhealladh chuig a dtaobh in ainneoin nach bhfuil tada acu le tairiscint don lucht oibre. Ní haon ionadh é go dtugann daoine an chluas bhodhar don pholaitíocht. Mealltar roinnt daoine eile leis an bhiogóideacht agus tugann siad cúil a gcinn don chéill is don fhírinne. Is mar sin a chothaíonn cultúr polaitíochta chóras eacnamaíochta atá faoi mheath smaointí ciníocha agus gnéasaíocha. 

Ní hé sin le rá, áfach, go gcruthaíonn an caipitleachas gach fadhb ar domhan. É sin ráite, córas lofa is ea é agus spreagann is cúitíonn sé daoine cumhachta as ucht dochar a dhéanamh agus is mar sin a dearaíodh é. Níl an locht ar an lucht oibre ná ar na boicht. Ní hé “nádúr an duine” é, nádúr an chórais is ea é, córas a dearaíodh chun an brabús a uasmhéadú.

Rogha Eile. An Sóisialachas

Tá rogha eile ann: an Sóisialachas. Is é a bheadh i gceist ná na comhlachtaí is mó a chur faoi úinéireacht phoiblí agus smacht daonlathach. Dhéanfadh muid na cinntí maidir le hinfheistíocht na gcomhlachtaí sin, mar chuid de phlean uileghabhálach don gheilleagar. In áit a bheith ag dó tuilleadh breosla iontaise nó ag boilsciú bolgán buile ar nós Bitcoin, bheadh an rogha ag an lucht oibre infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh glas, iompar agus oideachas. In áit a bheith ag uasmhéadú brabúis, d’fhéadfadh muid leas an chine dhaonna a uasmhéadú.

B’éadroime ualach na hoibre le cabhair ón tecneolaíocht ach níor bhaol don teacht isteach ná don fhostaíocht féin. D’fhéadfaí tithíocht phoiblí a chur ar fáil ar phraghas íseal. D’fhéadfaí praghasanna bia is breosla a smachtú. D’fhéadfaí smacht a fháil ar thionscnaimh breosla is airm, ag cur na n-oibrithe faoi oilliúint agus ag díriú na meaisíní ar dhéantúsaíocht eile.

Dar ndóigh, ní shárófaí gach fadhb thar oíche ach d’aontódh an sóisialachas daoine faoi chuspóir amháin ar son an dul chun cinn agus gheofaí an lámh in uachtar ar an eagla, an bhrúidiúlacht agus éadóchas. Bheadh seans againn teacht aniar a dhéanamh agus troid in éadan athrú aeráide, na heite deise, na ngríosóirí cogaidh is na mbrabúsaithe cogaidh.

Total
0
Shares
Previous Article

Outsourcing threatens 300 jobs at PayPal

Next Article

Free, reliable and frequent public transport now!

Related Posts