Cogadh in Éadan an Bhoilséiveachais: An Cogadh Cathartha, 1922-23

Céad bliain ó shin an tseachtain seo a bhris Cogadh Cathartha na hÉireann amach. Bhagair Príomhaire na Breataine “cogadh uafásach” muna síneofaí an Conradh Angla-Éireannach. Tháinig an “cogadh uafásach” céanna chugainn – ach éadach glas na hÉireann a bhí á chaitheamh ag na fir ina bhun seachas caicí na Breataine. Déanann Manus Lenihan cuir síos ar an chaibidil dhorcha dheireanach de chuid ré na réabhlóide in Éirinn.

Céad bliain ó shin bhí sé ina chogadh dearg i mBaile Thiobraid Árann. Ach cogadh dearg i bhfírinne, cogadh aicme a bhí ann. Chuaigh 400 oibrithe déiríochta i mbun stailce i gcoinne chiorrú pá. Ghlac siad seilbh ar a n-ionad oibre agus chuir siad an bhratach dhearg ar foluain. Fógraíodh “Soivéid.” Ghabh siad seilbh ar £42,000 ón bhanc chomh maith le gual ó “fhir uaisle” ón áit chun an córas gáis áitiúil a chur ag obair agus bhí achan rud faoi stiúir na brataí deirge sóivéidí.

Ghabh Arm an tSaorstáit seilbh ar Thiobráid Árann i ndiaidh troda fíochmhaire leis na fórsaí frithchonartha. Chuir Arm an tSaorstáit deireadh le Sóivéid an bhaile mar a rinne siad ar fud na tíre agus iad ag déanamh dul chun cinn. Agus iad ag cúladh, dhóigh an tIRA frithconartha an déirí go talamh ag fágáil na n-oirithe míleatacha dímhaoin.

Léirú ar an chogadh ar fad ab ea an eachtra áirithe seo. Maidir leis na Saorstátairí, tchí muid an cur faoi chois ar son lucht an rachmais. Maidir leis an IRA, tchí muid an fód á sheasamh gan stiúir agus an scrios a tharla mar thoradh air sin. Maidir leis na hoibrithe, tchí muid cumas agus cumhacht. Ach thréig a gceannaireacht gluaiseacht na n-oibrithe thar thréimhse blianta agus cloíodh iad i rith agus tar éis an Chogaidh Chathartha agus d’fhulaig siad go daor faoi fhoréigean fhórsaí an tSaorstáit.

Cailleadh thart ar 1,500 le linn an chogaidh, anuas ar na mílte a cailleadh le linn na mblianta 1916-1921. Ábhar gruamach, casta, cigilteach is ea an cogadh do go leor daoine. Ach cad ar a shon a bhí sé sa deireadh? Cén dóigh a dtiocfadh le hiarchomrádaithe troid in éadan a chéile? Cíorann an t-alt seo na ceisteanna seo le súil shóisialach an lucht oibre.

Ní raibh Rialtas Shasana neodrach agus níorbh eadranaí iontaofa iad ach oiread. Ar an chéad dul síos, bímis soiléir faoi, impiriúlachas na Breataine is ciontaí as an chogadh seo.

An Dóigh a Thosaigh Impireacht na Breataine an Cogadh.

Turas in aisce a bhí i gCogadh na Saoirse faoi 1921. Deis ionach a bhí ann don lucht oibre is do na boicht chun an streachailt shóisialach is náisúnta a chomhnascadh. D’fhéadfadh an lucht oibre protastúnach is protastúnaigh bhochta an Tuaiscirt a tharraingt isteacht sa streachailt. Ina áit sin, áfach, mhol Sinn Féin Éire shaor neamhspleách chaipitleach, rud a mheall lucht an rachmais is an Eaglais Chaitliceach. Seachas seasamh chun tosaigh mar cheannaire, sheas ceannaireacht gluaiseacht na n-oibrithe siar agus níor tugadh malairt slí don lucht oibre. Throid Sinn Féin ar son an chláir seo leis an treallchogaíocht agus in aineoinn chrogacht na n-óglach, ní raibh seans dá laghad acu.

D’eascair an Cogadh Cathartha as na coinníollacha seo agus chreid go leor a shínigh an Conradh Angla-Éireannach gur thogra neamhchríochnaithe a bhí ann. Ba theannasach an tréimhse a lean le cathanna gunna agus na céadta robáil armtha. Ó Aibreán, ghabh an cheannaireacht fhrithchonartha seilbh ar na Cethre Cúirteanna.

Ach d’imigh leathbhliain idir síneadh an Chonartha agus briseadh amach an chogaidh. Ní raibh cogadh greanta i gcloch agus bhí cneácha na scoilte ag cneású i bpáirt. Seachnaíodh cath i gCathair Luimnigh de bharr cainteanna. Rinne dhá fhaicsean socrú síochána i mí Bealtaine. Throid siad an toghchán faoi aon bhratach amháin i Meitheamh agus d’aontaigh siad roimh ré le comh-aireacht aontaithe a bhunú. Ni raibh ann ach cúpla lá roimh bhriseadh amach an chogaidh.

“Uafás” agus “ceap magaidh” a bhí sa tsocrú síochána seo dar le Rialtas Shasana. Am ar bith a thriail polaiteoirí an tSaorstáit síocháin a dhéanamh, gaireadh iad go Londain mar a bheadh buachaillí scoile dana iontu agus Churchill is Lloyd George ag tabhart scoth bharr teanga daofa. Ba “thromchúiseach” is ba “bhagrach” go fiú iad polaiteoirí na Breataine agus iad ag plé chaismirtí teorainne idir an Saorstát is Tuaisceart Éireann. 

Agus seilbh na gCeithre Cúirteanna ag leanúint ar aghaidh, d’áitigh Churchill go raibh ar an tSaorstát “í féin a chur in iúl nó go mbásódh sí is foirm eile smachta teacht ina háit.” Bagairt intuigthe a bhí ann chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn arís.

Ní na Ceithre Cúirteanna amháin a bhí ag déanamh imní do Churchill, ach an streachailt aicme agus talaimh a chuir Réabhlóid na Fraince i gcuimhne dó dar leis. D’aonghuth a bhí an eite dheis de na Saorstátáirí ag maíomh go raibh “eilimintí na brataí deirge ag glacadh seilbhe ar an chas.” 

Bhí saighdiúirí na Breataine ag imeacht de réir a chéile le míonna ag an am. Ach mar fhreagra ar an tsocú síochána, cuireadh an tarraingt amach ar fionraí agus bagraíodh cogadh. 5,000 an méid saighdiúirí a bhí sa bheairic i mBaile Átha Cliath suas go Nollaig 1922.

Ar 22 Meitheamh – go gairid i  ndiaidh an olltoghcháin, agus an socrú síochána i bhfeidhm go fóill – scaoil beirt óglach de chuid an IRA an Ginearál Henry Wilson, as a stuaim féin, ar shráideanna Londain. Mhaígh Rialtas na Breataine, go raibh fianaise acu gur ar ordaithe ó na Ceithre Cúirteanna a scaoileadh Wilson. B’áisiúil an bhréag í. Ordaíodh 5,000 saighdiúirí chun seilbh a ghabháil ar na Ceithre Cúirteanna ag baint úsáide as tancanna, eitleáin agus gunnaí móra. 

Agus é ag déanamh go raibh díchéilí ar na polaiteoirí, chuir an Ginearál MacReady moill ar an ordú. Le linn an ama sin, ghéill na fórsaí conartha don bhrú ó Londain agus thosaigh siad ag buamáil a gcathrach féin le gunnaí Sasanacha. Nuair a bhuail  sliogán seomra armlóin na gCúirteanna, d’ardaigh scamall bacáin os cionn Bhaile Átha Cliath.

Ba mhór an seans go mbrisfeadh cogadh amach cibé ach mar a chonaic muid, bhí an barrach á thógáil ag na Sasanaigh leis na míonna agus thóg siad amach an lasóg ag bagairt í a chaitheamh isteach. Deoch an dorais ón Impireacht ab ea iad na gunnaí is an cogadh. 

Ó Shráidchogadh go Treallchogadh

Bhí trí chéim faoi leith sa chogadh. Bhí seachtain troda ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ar dtús. Ghlac na fórsaí frithchonartha seilbh ar na foirgnimh ar fud na cathrach agus chloígh na fórsaí conartha iad de réir a chéile. Bhí na fórsaí frithchonartha ag dúil go dtaga a gcomrádaithe ó gach cearn den tír tarrtháil orthu, ach ní mar sin a bheadh.

An dara céim ná sé seachtaine de ghnáthchogadh idir Iúil is Lúnasa. Ruaigeadh na Saorstátairí as “Poblacht na Mumhan” ar dtús. Ach, i ndeireadh na dála, bhí carranna armúrtha, gunnaí móra, meaisínghunnaí agus aerfhórsa beag ag na Saorstátairí agus gach rud ag teacht ó Rialtas Shasana. D’éirigh leo tuirlingt ar chósta go fiú. Gan cairteanna acu agus ag bagairt piolóta sibhialta a scaoileadh, ag sárú téarmaí an chonartha agus ag baint úsáide as longa ar nós an Helga (a bhuamáil Baile Áth Cliath i 1916), thug siad 456 fear agus gunna 18 punta i dtír gar do Chathair Chorcaí. Bhí an tIRA mearaithe agus ag troid go cosanta. Ar 19 Lúnasa, d’ordaigh ceannaireacht an IRA go dtabharfaí faoin treallchogaíocht.

Mhair an tríú céim, treallchogaíocht, idir Lúnasa 1922 agus Bealtaine 1923. Cé nár maraíodh an oiread chéanna daoine, is dorcha an chabidil í, mar sin féin. Ba iad an dream a ba dhiongbháilte a bhí i gceannas ar an tSaorstát. Shéan LT Mac Cosgair gach tairiscint síochána mar ba dhíothú na bhfórsaí frithchonartha an sprioc a bhí aige. Faoi Bhealtaine 1923, bhain sé an sprioc sin amach. Ní raibh fágtha ach 20 ball gníomhach den IRA i mBaile Átha Cliath chomh maith le 10-15 i measc na gcarraigeacha ar chósta na hÉireann. Níor shos cogaidh ná próiséis síochána a bhí mar dheireadh leis an chogadh seo ach ordú chun arm a chur i dtaisce.

Sceimhle

Chaith an Saorstát a chéad leathbhliain ag tógáil airm nua. Ní raibh an SeanIRA ach mar fhríorbheagán de; agus ar an mhórchuid, ba iad iarshaighdiúirí ón Chogadh Mhór is oibrithe dífhostaithe a líon an tArm nua seo. 12 scilling sa tseachtain chomh maith le bord is leaba a mheall go leor le linn ghéarchéim dífhostaíochta na linne.

Sholáthair Rialtas Shasana 27,000 raidhfil, na céadta meaisínghunna agus na mílte gránáid. Meastú an mbeadh seans ar bith ag Arm an tSaorstáit gan chuidiú na Breataine?

Ba gan smacht, fhalsa, cheannairceach agus lofa le halcól is le galar véinéireach an tArm Náisiúnta. Chuir droch-chumarsáid ní ba mhó moille air ná cur i gcoinne a naimhde.  

Bhí fonn ar cheannairí an tSaorstáit na fórsaí frithchonartha a dhíothú. Ach ní raibh na fir san arm chomh trodach céanna. Ba mhinic a scaoil an gnáthshaighdiúir os cionn a “naimhde.” Bhíodh idirbheartaíocht neamhoifigiúil ar siúl ag oifigigh an Airm Náisiúnta. Bhíodh IRA neodrach ann go fiú, ina raibh 20,000 duine ann a rinne feachtas ar son chomhdháil síochána.

Agus an cogadh ag dul ar aghaidh is ar aghaidh, bhain cuid de na haonaid den Arm Náisiúnta clú amach de bharr na brúidiúlachta is na drochíde. Ba iad Briogáid Bhaile Atha Cliath a ba chlúiti, faoi Paddy O’Daly, as a gcuid sléachtaí ag Bailte Ó Síoda, Cathair Saidhbhín agus Cill Airne i gContae Chiarraí. Cheangail siad suas cimí, phléasc siad mianaigh fúthu. Bhí sléachtaí ann nár bhain an clú céanna amach. Mar shampla, deirtear gur ghabh triúr oifigeach, O’Daly ina measc, beirt bhan i gCiarraí agus chéas siad iad. Gníomh díoltais i gcoinne a n-athar, dochtúir aitiúil, a labhair amach faoi iompar na saighdiúirí Saorstáit.

I bhFómhair na bliana 1922 a thosaigh an Saorstát ag daoradh daoine chun báis gan triail. Mhaígh an Saorstát go rabhthas ”i ndán do thír dá mbeadh sí le fuascailt ó Bhoilséiveachas” agus “gur tharrtháil siad go leor beatha agus gur ghiorraigh siad an an choimhlint.”

Cuireadh an sceimhlitheoireacht stáit i bhfeidhm ar go leor bealaí. Ní fios an méid daoine a d’fhuadaigh, a chéas is a dhúnmharaigh an Rannóg um Imscrúdú Coiriúil (CID) I mí Dheireadh Fómhair 1922, mar shampla, dhumpáil siad coirp thriúr bhuachaillí sna déaga in Iarthair Bhaile Átha Cliath. Rinneadh imtheorannú ar 12,000 duine le linn an chogaidh agus cuireadh cosc ar an phreas tuairisc a dhéanamh ar bhrúidiúlacht agus ainnise na gcampaí ina raibh siad.

Bhí an sceimhle i réim sa láithreán oibre chomh maith. Scairt Christy Ferguson, déantóir coirí, 18 bliana d’aois, “An Phoblacht Abú” is é ag ag obair. Tugadh chun na beairice é. Thug an t-oifigeach léasú dó ag rá ‘I’ll give you up the ****ing Republic, you ****ing little Robert Emmett.’ Scaoil an t-oifigeach gunna in aice le cloigeann Mhic Fhearghusa agus chaith sé é i ngaibhniú aonair é ar feadh na laethanta.

Ag an am chéanna, bhí an tIRA ag iarraidh tabhairt faoin treallchogaíocht gan mórán tacaíochta ón phobal. Robáil armtha ab ea a bhfoinse airgeadais agus d’fhógair siad gur thargaidí míleata iad na hoibrithe iarnróid. Tá go leor fianaise ann de bhaill an IRA frithchonartha ag tabhairt faoi uafáis. Chuidigh siad leis na bossanaí stailceanna a chur faoi chois, le stopacháin ghunnaí, scaoileadh rabhaidh agus bagairt beaignití.

An Lucht OIbre

Ag tús an ailt seo, rinneadh cur síos ar chumhacht na n-oibrithe i dTiobráid Árann. Déirí amháin i  measc céid a gabhadh seilbh air le linn an ama chéanna é. Léiríonn sé an méid is an neart a bhí sa ghluaiseacht oibre ag an am. 

Sna blianta beaga roimh an chogadh chathartha, bhí síocháin de shórt éigin ann, gan phéas, gan chúirteanna agus gan arm ag feidhmiú. Agus an stat cóilíneach ar fionraí níor chosúil le Mad Max é ach borradh faoin ghníomhaireacht choiteann ag oibrithe agus feirmeoirí bochta. Ba rathúla an streachailt talaimh ná a riamh sna céadta a tháinig roimhe idir 1922 agus 1923. Deis teacht aniar a bhí ann don dream a fágadh ar an trá fholamh i ndiaidh Chogadh na Talún. Gabhadh talamh agus dódh sealúchas na dtiarnaí talún.

Buaicphointe a bhí ann ó thaobh rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht de. Ba léire seo linn thragóid an Chogaidh Chathartha. Shéan trí cheathrú an IRA an Conradh. Ach I measc Chumann na mBan (an chraobh chúnta ban don IRA), ba dhiongbháilte an toradh, bhí 12,000 ball, is é sin 86% den bhallraíocht i gcoinne an chonartha. Ghlac siad páirt sa chogadh, imtheorannaíodh iad agus chuaigh cuid ar stailc ocrais. De réir saorstátaire amháin, “nár ghnáthneacha le gnáthmhneon iad.” Rinneadh ceap milleáin daofa mar gheall ar an chogadh agus ní nach ionadh gur bheag bainte a bhí ag mná i bpolaitíocht na hÉireann sna blianta a lean.

Faoi 1922, theip ar cheannaireacht pháirtí an lucht oibre na deiseanna a thapú chun bheith ceannródaíoch agus an streachailt a spreagadh ar son na saoirse is an tsóisialachais. Nuair a cuireadh ceist ar Thomas Johnson i leith sheilbh na bhfeirmeacha déiríochta, dúirt sé nach “raibh baint ar bith ag Páirtí an Lucht Oibre agus nach raibh polaí ar bith den tsórt” acu. Tamall beag roimhe, bhí Johnson ag lorg Sóivéid na hÉirean, ach anois gan misneach aige tacú le Sóivéid Déirí.  

Agus scéal chomh casta sin agus an cheannaireacht chomh holc céanna, bhí an gnáthbhall  mearaithe agus traochta. Mar sin féin, bhí deis iontach i ngluaiseacht na n-oibrithe.

Bhí fonn cur i gcoinne an tSaorstáit i measc bhaill an pháirtí ach is deacair méid cruinn a chur air. Léiriú amháin, áfach, agus é mearaithe is lán codarsnachtaí, ná an mionlach mór vótáil chun staonadh ó olltoghchán 1922 ag an 18ú Comhdháil de Pháirtí Lucht Oibre is Ceardchumainn. Sa toghchán féin, léirigh an páirtí a gcumas nuair a chuaigh siad iomaíocht 18 suíochán, ag buachaint 17 agus agus cailleadh amach as an 18ú ceann le 13 vóta.  

Sampla maith de láidreacht agus de laige na gluaiseachta ná “an ollstaic i gcoinne an mhíleatachais.” Ba í an cheathrú ollstaic in imeacht cúig bliana í. Sa chás seo, áfach, ní bheadh an lámh in uachtar le himirt ag an ghluaiseacht. Léirsiú ar son an tSaorstáit a bhí ann i bhfírinne. Bhí an stailc in ainm is a bheith in éadan an mhíleatachais ach d’oibrigh sí ar son na míleataithe.

Chuir ceannaireacht ghluaiseacht an lucht oibre samhnas is déistin na n-oibrithe in éadan an chogaidh in iúl. Ba iad Páirtí an Lucht Oibre a d’éiligh sos comhraic chun seans a thabhairt do shibhialtaigh éalú agus na Ceithre Cúirteanna á mbuamáil (bhí Art Ó Gríofa ina choinne seo.) Ba iad TDanna Pháirtí an Lucht Oibre a cháin daoradh báis na gcimí is an t-imtheorannú sa Dáil. Ar an taobh eile ar fad a bhí an Eaglais Chaitliceach a thacaigh leis an tSaorstát agus a dhiúltaigh an na píonóis báis a cháineadh.

Mar a chonaic muid, chuir an Saorstát Sóivéidí na Mumhan faoi chois. Chonacthas tuilleadh stailceanna in 1922-3, áfach, le stailc poist, stailc oibrithe feirmeoireachta i bPort Láirge agus stailc oibrithe duganna i mBaile Átha Cliath. Cathanna móra aicme ab ea iad uilig. Mhaígh JJ Walsh, an tArdmháistir Poist nua, go raibh oibrithe na Éireann “leisciúil” agus gur chóir iad a scrios chun go bhfoghlaimeofaí ceacht crua  mar gheall ar an easpa smachta forleathan. Cloíodh na stailceanna móra in 1922-3 le fórsa brúidiúlach míleata. Baineadh an bonn ó aon seans a bheadh ann do Phoblacht na nOibrithe ná gluaiseacht láidir ceardchumainn sa stát nua caipitleach. Thit an tóin as an Cheardchumann Iompair agus Ilsaothair Éireann (ITGWU) a raibh 120,000 ball aige in 1920 ach nach ach 11,000 aige fá 1931. Thit vóta Pháirtí an Lucht Oibre san Olltoghchán in 1923.

Rinne sóisialaigh áirithe iarracht achainí a dhéanamh ar bhaill IRA. Bhí Peadar Ó Domhnaill, ball de Pháirtí Cumannach na hÉireann, ar choiste gnóthaí an IRA. Bhí Liam Ó Flaithearta, scríbhneoir Árannach, agus Roddy Connolly, mac Shéamuis, i measc na sóisialach, thart ar chéad acu, a throid ar an taobh fhríthchonartha. Turas in aisce a bhí ann. Tubaiste cheart in aineoinn a misnigh. Lean na Sóisialaigh Réabhlóideacha cur chuige ní b’fhearr leis na sóivéidigh Mhuimhneacha. Bhí an dá pháirtí beag agus neamhfhorbartha agus is cosúil gur bhuillí marfacha iad an Cogadh Cathartha agus an cur faoi chois a lean.

Chuir an sóisialachas eagla ar Eoin Ó Dufaigh a raibh ina cheannasaí tríú háit de na fórsaí Saorstáit. Dar leis nach mbainfeadh margadh síochána amach ach lámh in uachtar don “na Boilséivigh.” Is iad an Lucht oibre is muintir na Brataí Deirge atá ar chúl iarracht chun na “Síochána,” más féidir leis an Rialtas an t-éirí amach seo a chloí, turas in aisce a bheas ann in aon éirí amach de chuid an lucht oibre sa todhchaí.” Ba stairiúil an saol a bhí ag Ó Dufaigh tar éis, Coimisinéir na nGardaí, ceannaire na Léinte Gorma, bunaitheoir Fhine Gael agus saighdiúir de chuid Franco I gCogadh Cathartha na Spáinne.

Eagla roimh Réabhlóid.

Agus an cogadh ar na bacáin, rinne comh-aireacht an tSaorstáit an gearán “nach raibh siad ullmhaithe chun cogadh a throid in éadan an Bhoilséiveachais a bhí i bhfolach faoi bhratach an Phoblachtánachais.” Dar leis an staraí Peter Hart nach raibh i gceist leis an fhocal “Boilséiveachas” ach “foréigean coiriúlach.” Is fíor gur bhain lucht na heite deise an focal “Boilséiveachas” mar mhasla polaitiúil, ach mar a léirigh friotal Uí Dhufaigh, níorbh é “foréigean coiriúlach” amháin a bhi i gceist leis an Bhoilséiveachas.

Ba “Bhoilséiveachas” é gach rud nár thaitin le Bourgeoisie na hÉireann, ina measc robáil, fir ghunna, ach go leor eile chomh maith; stailceanna, comhroinnt talaimh agus rannpháirtíocht na mban sa pholaitíocht. Bhí brí faoi leith leis chomh maith: bhí bá ag an lucht oibre le Réabhlóid na Rúise, mar a bhí le feiceáil i bhfás na sóivéidí agus an tsaint a bhí ann do smaointí sóisialacha. B’ábhar bróid do nuachtáin ar nós an Voice of Labour agus Watchword of Labour seachas masla. 

Deireadh le “Boilséiveachas” an mhian a bhí ag buaiteoirí an Chogaidh Chathartha. Réimse leathan fórsaí, ag troid ar son cúiseanna éagsúla a rinne suas taobh caillte an Chogaidh.

Dhearc na Saorstátairí orthu féin mar an taobh réadúil, eolaíoch, stuama den choimhlint. Ach ba réim bocht, neamhfhorbartha, lán le hantsoisceachas reiligiúnda a cuireadh ar bun. Mar shampla, shéan na Saorstátóirí, go háirithe Kevin O’Higgins, clasáil nua de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a chur sa Bhunreacht ag aithint comhionnanas idir fir is mná.

Ghlac os cionn 400,000 an bád bán san 1920í, go leor a ghlac páirt sa réabhlóid ina measc. D’eascair an taobh frithchonartha as oidhreacht pholaitiúil ó Chú Culainn suas chuig an Phiarsach féin a cheiliúr an cliseadh cróga. Bhí go leor polaiteoirí a bhí ar an taobh a chaill, a mhair ar cháil an chogaidh sna blianta a lean. Tost agus náire a bhí i ndán do go leor gnáthbhall de chuid na gluaiseachtaí oibrithe, náisiúnta agus ban. 

Luann Ferriter go raibh cónaí ar 25,320 teaghlach ina gcónaí 4,830 tionóntán in 1931. Ba mhíorúltach an rud é nár “bhláthaigh an cumannachas” dar leis an Irish Times. Ach, bhláthaigh an sóisialachas réabhlóideach 1917-1923. Buille marfach na muice an Cogadh Cathartha agus gach rud a lean agus is cinnte gur thragóid seachas miorúilt a bhí ann dóibh siúd a chónaigh sna tionóntáin chéanna. 

  1. Emmet O’Connor, Reds and the Green, UCD Press, 2004, Chapter 3, ‘Civil War Communism’ 
  2.  Emmet O’Connor, A Labour History of Ireland 1824-1960, Gill & Macmillan, 1992, p 113
  3.  For more on this, see Kevin McLoughlin, ‘The War of Independence, the Working Class and the Struggle for Socialism,’ in Ireland’s Lost Revolution, 2016.
  4.  See Ciaran Mulholland in Ireland’s Lost Revolution 1916-1923, Kevin Henry, ‘100 years since the Belfast pogroms: A warning from history,’ socialistparty.ie, July 17 2020
Total
0
Shares
Previous Article

Interview with Interface worker: “We put manners on this company”

Next Article

Workers' struggle rises internationally as the cost of living crisis deteriorates

Related Posts