Saighdiúraí Éireannacha le hOiliúint a chur ar Airm na hÚcráine – Céim Eile i Meath na Neodrachta Míleataí

Le Conor Payne 

Tháinig sé chun solais go raibh na Fórsaí Cosanta ag cur oiliúna uirlisí troda is oiliúna taicticí d’fhórsaí míleata na hÚcráine. Tagann sé seo salach ar an mhéid a bhí le rá ag an Tanáiste Mícheál Martin i ráiteas poiblí ag maíomh gur thraenáil “dhaonnúil agus neamh-mharfach” amháin ar nós glanadh mianach a thabharfaí d’fhórsaí na hÚcráine a bhí ar bun ag na Fórsaí Cosanta. 

Ní dhearnadh tagairt ar bith d’oiliúint uirlisí troda in aon ráiteas de chuid an Rialtais. Iarracht le sárú neodracht na hÉireann a cheilt, is léir. Dar leis an Irish Times, gurb iad scileanna bunúsacha míleata, traenáil cheannaireachta, traenáil do dhruil-treoraithe, leigheas catha, glanadh mianach agus diúscairt buamaí an traenáil uilig atá á cur ar fáil. 

Cogadh Fuar an Athuair

Tá an méid seo atá tar éis teacht chun solais, mar an chéad chéim eile d’fheachtas leanúnach ó thús Chogadh na hÚcráine le beag is fiú a dhéanamh den fhuílleach atá fágtha de neodracht Éireann. Tá cuid mhaith den bhunaíocht chaipitleach den tuairim le fada gur ceap náire agus bac ar áit Éireann i “mbloc [impiriúlach] an Iarthair” a bhfuil SAM agus NATO mar bhunús aige. I bhfírinne, ní raibh neodracht na hÉireann ina bac orthu taobhú le cumhachtaí impiriúlacha SAM agus na hEorpa, mar shampla, ag éascú na gcogadh san Iaráic agus san Afganastáin agus trúpaí SAM ag úsáid Aerfort na Sionnaine.

Chúisigh ionradh brúidiúil Putin ar an Úcráin agus seach-chogadh a thit amach dá bharr, idir an Rúis is an tSín ar láimh amháin, agus SAM agus NATO ar an láimh eile, borradh ar an fheachtas chun briseadh leis an neodracht go foscailte, áfach. I measc na n-éileamh atá á ndéanamh, táthar ag lorg méadú sa chaiteachas mhíleata agus armála, déanamh ar shiúl leis an “glas triarach” a chuireann bac ar Éirinn dul isteach i gcogadh gan tacaíocht na Náisiún Aontuithe, agus tacaíocht do rannpháirtíocht níos mó ag Éirinn in oibríochtaí míleata an Aontais Eorpaigh.   

Fóram Chur i gCéill

I rith an tsamhraidh, thionóil an Rialtas, ceap magaidh “d’fhóram comhairleacháin” a bhí lán go dóras le “saineolaithe slándála” a bhí go mór i bhfábhar NATO agus na cogaíochta, mar iarracht chun cuma na dlisteanachta ar rud atá ina mhargadh déanta. Cuireadh aon sórt de rannpháirtíocht dhaonlathach ó dhóras mar tá tacaíocht ag formhór na hÉireann don neodracht. Léirigh pobalbhreith i mí an Mheithimh tacaíocht 61% agus gan ach 26% ag tacú le hathrú.

Bainfidh an Rialtas úsáid as coiriúlacht Putin san Úcráin agus an bhá is an dlúthpháirtíocht a mhothaíonn gnáthdhaoine do mhuintir na hÚcráine mar leithscéal do mhéadú míleataithe. Ach is é an suntas is mó atá ag seo ná nós a bhunadh do níos mó rannpháirtíochta i gcúrsaí míleata an AE agus NATO.

Fimíneacht Impiriúlach

Is róchuma leis na cumhachtaí impiriúlacha a rinne ionradh ar an Iaráic, a thacaíonn le forghabháil Iosrael ar an Phalaistín agus le deachtóireachtaí brúidiúlacha ar fud na cruinne, faoi mhuintir na hÚcráine ná faoin tsaoirse, faoin daonlathas ná faoin neamhspleáchas náisiúnta. Cibé atá le rá acu faoina dtacaíocht don Úcráin, beidh praghas i gcónaí ar a gcuidiú agus beidh sé ceangailte go deo lena mianta lámh in uachtar a fháil ar an réigiún ar son a leasa féin. Is é atá de dhith chun an t-ionradh a chloí ná ollstreachailt ón bhun aníos ó lucht oibre na hÚcráine, agus ollghluaiseacht fhrithchogaidh a thógáil ar fud na cruinne, an Rúis ina measc – áit ina bhfuil tionchar an chogaidh agus polasaithe réimeas Putin le brath go mór.

Tá an domhan á roinnt níos mó is níos mó ina dhá leath impiriúlacha naimhdeacha, iad sáite i gcoimhlint thar acmhainní nádúrtha, mhargaidh agus réimsí tionchair. Ní céim chun cinn do lucht oibre na cruinne agus atá faoi chois, an cogadh fuar úr seo. Caithfidh muid an fód a sheasamh i gcoinne ionsaithe ar neodracht mhíleata agus i gcoinne an fheachtais ar son an mhíleataithe in Éirinn. Ar fud na cruinne, tá gluaiseacht de dhith chun an córas caipitleach a thabhairt chun deiridh, córas atá dár dtarraingt isteach sa chogaíocht ar son leas an mhionlaigh chumhachtaigh.

Total
0
Shares
Previous Article

Eviction notices skyrocket – homelessness crisis deepens

Next Article

Teacher shortage now reaches “emergency levels”

Related Posts