Teoiric an Chrú Capaill? Ráiméis! Sóisialigh an t-Aon Dream a Sheasann an Fód in Éadan Antoiscigh na hEIte Deise

Le Conor Payne

Nuair a athosclaíodh Dáil Éireann ar 20 Meán Fómhair, chruinnigh an eite dheis taobh amuigh di, ag tógáil “croiche” le pictiúir de pholaiteoirí de chuid na bunaíochta is na heite clé, ag bagairt roinnt theachtaí Dála is a bhfoirne agus iad ag déanamh iarrachta dul isteach nó amach as an fhoirgneamh. Tharraing an agóid bhithiúnach mháistíneach seo cáineadh ó chuile áit, na meáin is an bhunaíocht pholaitiúil ina measc. Chomh maith leis sin, bhíothas ag iarraidh go gcuirfeadh cosc ar chuile agóid taobh amuigh de Theach Laighean.

Mar sin féin, an t-aon rud as nua san agóid bhagartha seo ná gurbh iad TDanna is Seanadóirí a bhí faoi bhagairt na heite deise. Is an fhírinne shearbh ná go rabhthas ag déanamh bagartha is imeaglaithe ar theifigh, oibrithe leabharlainne agus go leor eile ar a laghad ó thús na bliana agus, faraor, níor tarraingíodh an oiread sin airde ar an scéal.  

Agóid Dhlisteanach Pobail ab ea í Ráth Miontáin

Dhiúltaigh cuid mhaith den chlúdach ó na meáin a rá gurb iad grúpaí de chuid na heite a bhí freagrach as an mhéid a tharlaigh. Nuair a admhaíodh do charachtar eite deise na hagóide, ba mhinic a chualathas á gcáineadh in éineacht iad siúd atá “amach ar an eite chlé,” mar dhea. Chualathas colúnaithe, polaiteoirí agus araile in éineacht ag maíomh gur ón dá thaobh a bhí an bhagairt ag teacht, gur ghiorra an dá thaobh le chéile don lár shiosmaideach chiallmhar. Nach cuma go raibh sóisialaigh agus an eite chlé i gcoitinne ag eagrú chun an fód a sheasamh in éadan bhagairt na heite deise, agus an bhunaíocht is na meáin ar nós cuma liom den chuid is mó.

Rinneadh trácht ar agóid Ráth Miontáin in 2014 go minic le cur iúl gurb ionainn an eite dheis is an eite chlé, ach léiríonn sé cé chomh folamh is atá an argóint féin. An t-aon fhianaise atá acu ná agóid suí síos shíochánta in éadan an Tánaiste a tharlaigh beagnach deich mbliain ó shin le comparáid éigin a dhéanamh le hainghníomhartha na heite deise, ina measc, pubaill teifeach a dhó agus feachtas fuatha in éadan oibrithe leabharlainne.  

Codarsnacht eile, cé gur baineadh triail as cúis “fuadaigh”  a chur i leith lucht agóide Ráth Miontáin, bhí Coimisinéir na nGardaí, Drew Harris, maíteach as caitheamh go bog le léirsithe na heite deise.

An Mhalairt Ghlan agus Ní hIonainn Iad

Sceitheann siad orthu féin an dream seo a dhéanann iarracht comparáid a dhéanamh idir an eite dheis agus an eite chlé. Nochtaíonn sé an cnámh spáirne atá ag an bhunaíocht leis an eite dheis. Ní hé a ndearcadh ná a gclár oibre, ach a gcur chuige agus a ngíomhartha nuair a ndírítear orthu féin iad, a bhfuil fadhb acu leo.Tá an eite dheis in éadan na n-imirceach agus tá dearcadh tuathail acu i leith chearta LADTA+. Tá siad glán in éadan chearta chun tithíochta a chur sa Bhunreacht mar gur shárú ar chearta maoine thiarnaí talún is na bhforbróirí é. An mhalairt ghlán do sheasamh na heite clé is ea é.

Ach ní hiad na dearcthaí seo atá thar fóir, dar leis an bhunaíocht. Déanta na fírinne, bíonn siad sásta an t-aighneas seo a chothú nuair a fhóireann sé dóibh é. Mar shampla, an díospóireacht, mar dhea, faoi ábhar imní, mar dhea, maidir le cearta dhaoine trasinsnce nó nuair a gheall an rialtas go gcuirfí deifir faoi dhíbirtí ón tír mar fhreagra ar léirsithe taobh amuigh d’aonaid teifeach.Tugann sé seo uilig dlisteanacht agus misneach don eite dheis.  

.


Faoi réimeas na bunaíochta “ciallmhaire réasúnta,” tá na géarchéimeanna sóisialta agus tithíochta, rud a chothaíonn na coinníollacha a chruthaíonn cluas éisteachta don eite dheis. Ní hamháin gurb iad na sóisialaigh, is na sóisialaigh amháin, a throideann gan stad gan staonadh in éadan na heite deise ach a léiríonn malairt slí do na coinníollacha sóisialta a chothaíonn iad.

Total
0
Shares
Previous Article

Genocide in Gaza and the struggle to defeat the Israeli regime of terror

Next Article

Xmas Raffle 2023 in aid of Mick Barry's election fund

Related Posts