Le Ruth Coppinger
Tá deich mbliana imithe tharainn ó bhás roimh am, bás tragóideach Savita Halappanavar. I nDeireadh Fómhair 2012, bhásaigh Savita de bharr seipsise in Ospidéal i nGaillimh, tar éis gur diúltaíodh di ginmhealladh a bheith aici. Ba thubaiste phearsanta dá muintir is dá cairde a bás. Chuir sé alltacht agus uafás ar an phobal i gcoitinne agus cuireadh tús le gluaiseacht úr ar son chearta ginmhillte, agus, tar éis feachtais a mhair cúig bliana, aontaíodh go reáchtálfaí reifreann chun an tOchtú Leasú a aisghairm.
Tá ROSA ag moladh go reáchtálfar léirsiú do chomóradh deich mbliana a báis, ní hamháin chun cuimhneadh ar Savita ach chun a chur in iúl an athuair mar a rinneadh ag an am “Choíche Arís!” Níl na saincheisteanna a d’eascair óna bás sáraithe go fóill. Ba mhór na héachtaí iad aisghairm agus an dlí a lean, ag soláthar seirbhísí ginmhillte do os cionn 6,000 bean is daoine a bhíonn ag iompar in aghaidh na bliana, inár dtír féin.
Srianta ar Chearta Ginmhillte
Mar sin féin, fágann na srianta atá sa dlí roinnt daoine ar an leataobh go fóill. Go háirithe, an 375 duine a raibh orthu taisteal go Sasana agus go dtí an Bhreatain Bheag fá choinne ginmhillte, daoine le diagnóiseanna leighis ina measc. Níl ach dochtúir teaghlaigh amháin as gach deichniúr ag cur seirbhísí ginmhillte ar fáil agus níos measa fós, ní thugann ach 10 as an 19 ospidéal máithreachais na seirbhísí céanna. Tá roinnt contaetha nach bhfuil seirbhís ar bith iontu.
Cúis mhór imní chomh maith is ea an ginmhilleadh a bheith mar chion corúil fós, rud a chuireann drochmhisneach ar dhochtúirí ginmhillte a thabhairt ar bhonn sláinte. Faoin dlí nua, níor soláthraíodh ach 24 ginmhilleadh sa bhliain mar gheall ar bhaol do shláinte/bheatha – gan athrú ar bith ar an acht ó 2013. Ba spreagadh mór é ar son an athruithe bás Savita ach níl aon chinnteacht ann nach dtarlódh cás eile mar é.
Tá ag teipeadh go tubaisteach ar bhunaíocht chaipitleach na hÉireann eaglais is stát a scaradh óna chéile i gcúrsaí oideachais agus sláinte. Léiríonn cíor thuathail an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais – agus an stát ag íoc go hiomlán as an ospidéal a thógáil ar thalamh ar cíos ón eaglais agus ionadaithe oird eaglasta ag déanamh suas aon trian den bhord – nach bhfuil de mhisneach ná de chumas ag Fianna Fáil, Fine Gael ná ag an Chomhaontas Ghlas an fód a sheasamh i gcoinne na heaglaise.
Teip Iomlán don Dul Chun Cinn Sóisialta.
Léirigh an raic a tógadh mar gheall air, áfach, ná nach bhfuil tromlach na n-aoibrithe is na n-óg ag iarraidh go mbeadh lámh ná páirt ag an eaglais i gcúrsaí sláinte, ach go háirithe nuair a bhaineann sé le mná agus le daoine trasinscneacha. Ba é an chéad ospidéal máithreachais nua é tar éis na haisghairme agus teip iomlán a bhí ann don dul chun cinn sóisialta.
Bhí an aisghairm in ainm is teacht le gnéasoideachas agus frithghiniúint saor in aisce. Aontaíodh seo d’aonghuth ag Coiste Oireachtais uilepháirtí. Ach in ainneoin phaindéim an fhoréigin inscne-bhunaithe agus homafóbaigh, mar a chonaic muid le dúnmharaithe brúidiúla Ashling Murphy, Michael Snee agus Aidan Moffitt, ní dearnadh tada chun gnéasoideachas cuimsitheach i ngach scoil atá bunaithe ar chomhthoil agus a aithníonn an pobal LADT.
Frithghníomh Domhanda. Fríthghníomh na hEite Deise
Máirseálaimis ar na cúise idirnáisiúnta freisin. Rinne muid talamh slán dár gcearta ach is féidir go sciobfaí uainne iad. Tá frithghníomh ar bun go domhanda i gcoinne an ghinmhillte agus an fhéinriar colainne. Is fíor sin go speisialta sna Stáit, an tír chaipitleach is saibhre ar domhan, áit a bhfuil an eite dheis reiligiúnach ag tarraingt Roe V Wade as a chéile dlí ghinmhillte atá ann le 50 bliain.
Ar son na gcúiseanna seo uilig, caithfimid bás Savita a chomóradh. Rinne a muintir ionchur gníomhach paiseanta agus an reifreann ar siúl, ag impí ar mhuintir na hÉireann vótáil ar son na haisghairme mar an bealach is fearr chun í a chomóradh. Bhain gluaiseacht ghníomhach amach an aisghairm is cearta ginmhillte trí bhrú a chur ar pholaiteoirí coimeádacha chun géilleadh. Ba chóir dúinn bás Savita a chomóradh le léirsiú gníomhach a thugann a saol chun cuimhne agus a éilíonn “Choíche Arís” – go bhfuil sé de cheart ag éinne a bhíonn ag iompar ginmhilleadh a fháil gan mhoill agus gan cheist gan choinníol, nach gcuirfeadh sagart ná polaiteoir a ladhar isteach sa scéal. Scaraimis go hiomlán eaglais is stat anseo in Éirinn.