#RememberSavita: 5 Chúis le dul ar an Mhórshiúil ar 29 Deireadh Fómhair

Le Laura Fitzgerald 

Tá an Ghluaiseacht Shóisialach Fheimineach ROSA ag gairm mórshiúil ar son sláinte, comhionannais agus féinriar colainne ar Dé Sathairn 29 Deireadh Fómhair i gcuimhne ar Savita ar chomóradh dheich mbliain a báis, agus ag impí ar gníomhaithe LADTA, frithchiníocha, cheardchumainn agus mac léinn páirt a ghlacadh. Tá gníomhaithe Pháirtí Shóisialaigh ar fud an oileáin ag eagrú go fonnmhar don lá.

  1. Tá cearta ginmhillte faoi ionsaí i go leor tíortha ar fud na cruinne. 

D’fhógair an deachtóireacht sa tSín – an dream céanna a chuir an polasaí uafásach aon-pháiste i bhfeidhm – go dtabharfaí isteach srianta ar chearta ginmhillte. Thug Rialtas na Polainne, atá amach ar an eite dheis, cosc nua isteach ar an ghinmhilleadh in 2020. Tá curtha in iúl ag Viktor Orban na hUngaire go rachfaí siar ar chearta ginmhillte trí chéim chruálach aisteach atá amhrasach ó thaobh an leighis de, a chur i bhfeidhm a chuirfí iachall ar dhuine atá ag lorg ginmhillte chun “éisteacht le buille croí an fhéatais.” Bagairt as an nua is ea an rialtas nua amach ar an eite dheis san Iodáil, tír ina bhfuil teacht ar sheirbhísí ginmhillte easnamhach go leor agus a bhfuil “diúltú coinsiasach” go forleathan in ospidéil faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí.

Ar deireadh, sna Stáit, cuireadh an bua a ba mhó a bhain feimineachas amach, Roe V Wade, ar ceal. Rialú cuairte ab ea é a rétigh an bealach do cheadú dlíthiúil don ghinmhilleadh ar leibhéal feidearálach. Tá an lámh in uachtar ag drong bunchreidmheachach Críostaí ar Chúirt Uachtarach SAM agus is iad is cúis le seo. Frithréabhlóid de chuid Pháirtí na bPoblachtach atá inti agus is beag a rinne na Daonlathaigh ina gcoinne, a theip orthu reachtaíocht a chur tríd bunaithe ar Roe V Wade agus a chuidigh le cúis na bPoblachtach lena n-éilimh leithscéalacha de “sábháilte, dleathach agus annamh”

  1. Ag dul thar sáile do chúram sláite go fóill

Tá srianta sa dlí agus sa tsoláthar ag fágáil daoine ar an trá fholamh go fóill. Sa bhliain 2021, thaistil 206 ón Deisceart agus 161 ón Tuaisceart chun na Breataine ar son chúram ghinmhillte. Anuas air sin, caithfidh daoine trasinscneacha agus daoine neamh-dhénártha dul thar sáile chun mainliacht dheimhnithe inscne a fháil mar gheall ar chruachás na seirbhísí sláinte anseo in Éirinn. Caithfear cúram deimhnithe inscne agus ginmhillte a chur ar fáil saor in aisce agus teacht éasca orthu go háitiúil, gan bac ón dlí agus gan cur isteach  ó fhórsaí “atharaíocha.”

  1. “Choíche Arís” a dúirt muid. 

Izabela , Samhain 2021. Agnieszka T, Nollaig 2022. Beirt bhan a cailleadh sa Pholainn de bharr an chosc ghinmhillte agus nochtaigh a ngaolta a scéal ar na mallaibh. Ní hiad an t-aon bheirt. Chuirfeadh an dá chás seo scéal Savita i gcuimhne dúinn. Chuaigh Savita chuig Ospidéal na Gaillimhe agus breith anabaí dhósheachanta ag 17 seachtain. Séanadh ar Savita ginmhileadh a shábhálfadh a beatha, rud a d’iarr sí arís is arís. Nuair a cailleadh Izabela, chuaigh na slóite ar na sráideanna ag maíomh “Bhí cuisle ag Izabela chomh maith!” díreach mar a rinneadh ar son Savita. Tá tuairiscí duairce(dystopian reports ) ag teacht amach ó SAM théis Roe bheith tarraigthe siar, le dlíodóirí á nglaoch isteach sular féidir cúram do dhaoine le toirchis eachtópacha a thabhairt, drogall ar altraí piollaí na maidine dár gcionn a thabhairt amach d’íospartaigh éignithe, moill á cur ar chúram ailse agus iachall á chur ar mhná óga bochta(poor young women) páistí a thabhairt ar an saol, nach bhfuil uathu agus nach bhfuil d’acmhainn acu aire a thabhairt dóibh. Is fíor gurb iad is boichte, is imeallaithe, is tinne, is óige, is iargúlta agus gurb iad atá sáinnithe i gcaidrimh le páirtnéirí a thugann droch-íde dóibh, is mó a bheidh thíos leis an chosc ar ghinmhillte.

  1. An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais

Cúis chun máirseála ná cinneadh an rialtais an t-ospidéal nua náisiúnta máithreachais a bhronnadh ar Shiúracha na Carthanachta. Ní féidir glacadh leis go bhfuil sé ina mhargadh déanta agus caithfidh gluaiseacht teacht ar an fhód chun an scéal seo a athrú. Tá cuid de na polaiteoirí gan náire, a chuaigh in aghaidh a gcos féin chun tacú leis an fheachtas “Tá” chun an t-ochtú leasú a aisghairm agus a ghlac “féinphiceanna” dóibh féin i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, taobh thiar den phlean seo. Caithfimid brú a chur orthu chun go mbeidh an tseirbhís poiblí agus scartha ón Eaglais. Caithfear iad a ghlanadh amach ón chóras sláinte agus ón chóras oideachais.

  1. Frithchiníochas

Ba bhean le dath í Savita. Imirceach a bhí inti a bhí ag obair anseo mar fhiaclóir. Fuair sí bás de bharr an chosc ar ghinmhilleadh in Éirinn. Tá ráta i bhfad níos airde báis ag mná le dath(disproportionately affected) is iad ag iompar agus scéal i bhfad níos measa ag a gcuid leanaí nua-bheirthe. Dar le hionúchadh ar bhásanna máithreacha(maternal death inquiry) in 2017 bhí ráta báis as cuimse ag mná ar rugadh iad taobh amuigh d’Éirinn. Fiu sular tarraingíodh siar Roe, bhí na rátaí báis an-ard do mhná le haghaidh tír chomh saibhir, le seans trí oiread níos airde ag mná le dath ná mná gealla bás a fháil is iad ag saolú páiste. Is baolaí anois atá rudaí do mhná gorma ach go háirithe agus drogall ar dhoctúirí cúram ginmhillte a thabhairt faoi na srianta nua. Ceist é an ginmhilleadh a bhaineann go díreach le BLM agus le frithchiníonachas. 

Tá an comhthéacs domhanda thar a bheith tábhachtach don mhórshiúil seo. Le buanna ag an eite dheis sa tSualainn is san Iodáil, Bolsanara ar aghaidh chuig an dara babhta de thoghcháin sa Bhrasaíl agus srianta ginmhillte tagtha i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar fud an domhain.

Chuir an phaindéim le cur faoi chois inscne-bhunaithe sa teaghlach le foréigean inscne-bhunaithe ag ardú. Cuireadh le dúshaothrú na mban a raibh ról as cuimse acu sna línte tosaigh sna seirbhísí sláinte, rud a chuir go mór le brú is fadhbanna meabhairshláinte. Níor luaithe an pháidéim bheith thart agus na mná céanna ar ar bhrath muid uilig ar an ghannchuid leis an ghéarchéim chostas maireachtála.

Is léir an nasc láidir atá idir na streachailtí ar son féin-riar colainne, saoirse, le deireadh a chur fuath ban agus leis an LADTAIC-fóibe agus le héirí amach cumhachtach i gcoinne deachtóireachta, na bochtaineachta agus an chaipitleachais i gcoitinne mar atá feicthe again leis an éirí amach san Iaráin, ar speag feimeamharú stáit Jina (Mahsa) Amini. Tháinig gluaiseacht nua feimineachais ar an fhód ar fud na cruinne sna 2010í. Tá an eite dheis i ndiaidh a bhfreagra a thabhairt don dul chun cinn atá déanta ag an ghluaiseacht seo. Tá an ghluaiseacht ag staid chiniúnach agus is práinní í arís le linn ghéarchéim chostas maireachtála an chaipitleachais. Caithfear an ghluaiseacht fheimineach a chur chun cinn leis an fheimineachas shóisialach. 

Céim thábhachtach shuntasach a bheidh sa mhórshiúil sep ar 29 Deireadh Fómhair chun gluaiseacht ghníomhach fheimineach a chur ar bun an athuair, ina gcuirfidh ROSA agus an Páirtí Sóisialach an gá le cur chuige is clár sóisialach feimineach  a eagrú.

Total
0
Shares
Previous Article

Review: Athena directed by Romain Gavras

Next Article

Staffing crisis worsens as public services erode

Related Posts