Tá aird an domhain ar Rafah – cinedhíothú in Gaza ag eirí níos measa!

Le James McCabe, aistrithe ag Leah Whelan

Tá fírinne leis an nath cainte “ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh”. Chuir Joe Biden in iúl a imní do shibialtaigh Phalaistíneacha atá leochaileach agus gan chosaint. Ach, a mhalairt a bhí fíor – mar chuir an ghníomhaireacht chabhrach in Gaza ar fionraí. Is furasta a bheith ag caint!

Le haghaidh go leor polaiteoirí Iosraelacha, níl aon neamhréiteach idir a gcuid focal agus a gcuid gníomhartha. Tagann ráitis chinedhíothacha ó pholaiteoirí agus ón eagras míleata Iosraelach leis na gníomhartha cinedhíothacha atá ar siúl acu.

Mar sin, nuair a dúirt an tAire Cosanta Iosraelach Yoav Gallant “Ní bheidh Gaza mar a bhí cheana” agus “Scriosfaimid gach rud”; bhí sé dáiríre. Nuair a dúirt an tAire Oidreachta Amichai Eliyahu “níl aon sibhialtach neamhpháirteach in Gaza”; bhí se dáiríre. Nuair a dúirt Aire ón Likud Party, páirtí Netanyahu, “Tá muid ag déanamh Nakba 2023”; léirigh an fhianaise go raibh sé dáiríre. 

Ba de shliocht Nakba iad an chuid is mó den daonra Palaistíneach. Is ceard is brí leis an Nakba ná an díláithriú éigeantais de 750,000 Palaistíneach. Le cúig mhí anuas, chonaiceamar an damáiste atá déanta do 70% de thithe in Gaza agus an dílaithriú 85% de dhaoine. Mharaigh buamaí agus piléir níos mó ná 30,000 – ag an am céanna tá tuilleadh fós gafa faoin smionagar agus spallaí. Faoi láthair, tá ceithre chúigiú de na daoine is ocraí ar domhain suite i Stráice Gaza. De réir Action Aid, tá a lán páistí in Gaza ag fáil bháis mar gheall ar míchothú tromchúiseach!

Fanaigí siar ó Rafah!

Tá níos mó ná miliún Palaistíneach plódaithe sa chathair bheag seo, Rafah (in aice leis an teorainn Éigipteach) ag cur go mór lena dhaonra de 280,000. Le mí anuas, tá ionsaithe aeir ag tarlú go rialta ar Rafah, cé gurb é an campa dídeanaithe leis an daonra is airde ar domhan! Sin ráite, fós níor ghlac na Stáit Aontaithe le rún ar shos cogaidh láithreach ag Comhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe. Tá sé ráite go soiléir ag Netenyahu go bhfuil sé ag iarraidh “an post a chríochnú” agus tá sé níos soiléire anois lena phleann ionsaithe talamh ar Rafah, ag tosú ar an gcéad lá de Ramadan (10ú Márta)

Ar an talamh in Gaza, chonaiceamar saighdiúirí IDF ag postáil físeán ar Tiktok le meangadh gáire ar a n-aghaidheanna is iad i mbun coireanna cogaidh. Tá “tionchaire coireanna cogaidh,” coincheap gruama duairc é, ag teacht chun cinn le linn na tréimhse uafásaí seo. Ag an trasbhealach teorann i Kerem Shalom, tá na céadta gníomhaí eite-dheis ó Iosrael ag cur bac roimh chabhair atá ag dul isteach go Gaza. Chuaigh aon aire dhéag ón rialtais go comhdháil a bhí dírithe ar aisling na heite deise – athlonnú Iosraelach in Gaza.

Méain chumarsáide an iarthair agus claonadh ar son Iosrael

Tá na scéalta atá ag teacht ó na méain iartharthacha ar fad ar son Iosrael – dá réir sin, tá leagan claonta agus as a riocht againn de céard, i ndáiríre, atá ag tarlú. Tá téarmaí mar “aslonnú” nó “imirice dheonach” á n-úsáid ag na gnáthmhéain chun muidne a tharraingt ón fhírinne faoin díláithriu éigeantais agus glanadh eitneach. Go bunúsach, an rud atá á rá ag na méain ná go bhfuil a fhios acu go bhfuil ionadaithe Iosraelacha ag teacht amach le ráiteas cínedhíothacha, ach ba chóir dúinn ar súile agus cluaise a dhúnadh.

Ach, in aineoin a n-iarrachtaí, tá na miliúin duine amach ar na sráideanna nó ag éagru san áit oibre ar son sos cogaidh agus deireadh leis an fhorghabháil den Phalaistín. Bheadh níos mó cumhach ag an ngluaiseacht i gcoinne  stát Iosrael dá bhféachfaí ar an bhforéigean trí lionsa frith-chapitileachach. Féach ar an mbealach a chabhraigh an aicme cheannais i SAM agus san Eoraip leis an stát Iosraelach. Ceapann siad go bhfuil an stát Iosraelach mar “shocmhainn straitéiseach” sa Mheánoirthear. Is cairde iad dóibh gach dabht, go háirithe nuair a dhéanann stát Iosrael deimhin go mbeidh smacht impiriúlach ar a n-acmhainní nádúrtha agus teacht éasca ar oibrithe ar phá íseal.

Cé go bhfuil impiriúlaigh ag iarraidh fanact amach ón idé-eolaíocht fhorchiníochach, cinedheighilteach atá ag réimeas an stáit Iosraelaigh, níl fadhb acu é a chur chun cinn ó thaobh na polaitíochta agus na heacnamaíochta de. Is sampla de bharbarthacht na n-impiriúlach agus aicmí ceannais an Iarthair é an cinedhíothú in Gaza. Ach caithfidh muid a rá nach féidir leis gcapitileachas bheith ann gan bhagairt, dúshaothrú, coillíneachas agus ansmacht chine. Caithfidh na bithiúnaigh bhrúidiúlacha a d’eagraigh an cinedhíothú aird a dhíriú ar na focail seo ó Assata Shakur “Where there is oppression, there will be resistance”.

Streachailt in aghaidh an stáit Iosraelaigh

Go ginearálta, ba cheart an t-aitheantas a thabhairt do mhuintir na Palaistíne – tá an chumhact acu má eagraíonn siad le chéile sa Bhruach Thiar agus Iarúsailéim Thoir. Ar an dá thaobh den Líne Ghlas, is fórsa cumhactach iad na Palaistínigh. Má eagraíonn slógadh na bhfórsaí seo, beidh siad ábalta buille suntasach a thabhairt don fhorghabháil Iosraelach agus lucht tacaíochta impiriúlach

Tá streachailt réabhlóideach ó mhuintir na Palaistíne ag teastáil, le tacaíocht ón lucht oibre sa réigiún – i dtíortha mar an Éigipt, an Iaráin agus an Tuirc. Freisin, tá sé an-tábhachtach go bhfuil aicme oibre in Iosrael sa chomhrá freisin. Cé nach bhfuil an chuma sin ar an scéal faoi láthair, tá cúinsí ann i gcomhar gluaiseachta aontaithe i gcuinne an chórais chaipitligh. I ndáiríre, is cuma leis na ceannairí Iosraelacha faoi mhuintir Iosrael. Is córas é a chothaíonn ioslamafóibe, frith-sheimíteachas agus foréigean – ba choir dúinn fáil réidh leis!

Ba choir dúinn an saibhreas agus acmhainní a ghabháil agus iad a chur faoi úinéireacht phoiblí. Ba chóir go mbeidh ceart chun fillte ag teifigh ón Palaistín.
Cuirfidh sóisialaigh dhaonlathacha sa Mheánoirthear agus san Áis Thiar deireadh le riail an chapitileachais. Beidh féinchinntiúchán ann do gach náisiúntacht; is cuma má tá siad Palaistíneach, Iosraelach, Coirdíneach, Airméanach, nó Asarbaiseánach. Freisin, beidh cearta ann do gach reiligiún agus mionlach eithneach. Má tá tú ag iarraidh deireadh a chur leis an bhforéigean seo, seasaimis ar fód ar son na bPalaistíneach agus na streachailte don athrú sóisialach.

Total
0
Shares
Previous Article

Socialist Feminists rise up: Against genocide & the fascist threat

Next Article

Two years of murderous imperialist scramble over Ukraine

Related Posts