Agóidí na heite deise – cén bealach le deighilt chiníoch a shárú?

Le Conor Payne

Reachtáladh agóidí in áiteanna éagsúla ar fud na tíre taobh amuigh d’fhoirgneamh ina bhfuil teifigh ag cur fúthu ar na mallaibh. Ina measc tá: An Port Thoir, Baile Munna agus Droimneach i mBaile Átha Cliath, Mainistir Fhear Maí i gCorcaigh agus i gCill Áirne i gCiarraí. I gcásanna áirithe, mheall na hagóidí seo na céadta. Tá dídeanaithe sna hionaid seo ag teitheadh ón chogadh san Úcráin is in áiteanna eile agus ón chos ar bolg agus ón ollscrios. Chruinnigh sluaite móra taobh amuigh de na hionaid seo ag scairteadh manaí ar nós “get them out.” Bagairt atá ann gan amhras agus caithfidh gur cúis imní agus eagla í dóibh siúd ar a bhfuil sí dírithe.

An eite dheis atá ag gríosú na n-agóidí seo, ar mhaith leo féin leas a bhaint as géarchéim na dteifeach chun a gclár oibre gránna féin, lán fuatha agus deighilte ciníche, a chur chun cinn chun cearta ban is LADTA a chur chun cúil agus an tsochaí a chur faoi smacht na heaglaise arís.

Ag cothú an chiníochais

Ag an am chéanna, mheall na hagóidí seo daoine eile nach bhfuil mar chuid den eite dheis. Tá dearcthaí ciníocha ann sa tsochaí agus tá an eite dheis ag baint leasa astu le hargóintí díobhálacha faoi “fhir nach ndearnadh grinnfhiosrúchán orthu” ag teacht isteach sa tír. Mar sin féin, tá imní dháiríre ar dhaoine in go leor pobal maidir le cumas na tíre lóistín a chur ar fáil don mhéid teifeach atá ag teacht chun na hÉireann agus maidir le tionchar ardú tobann daonraí in áiteanna atá ag fulaingt cheana féin le heaspa tithíochta agus seirbhísí.

Is é an Rialtas is ciontaí as an lámh in uachtar a thabhairt don eite dheis sa chás seo. Tá géarchéim uafásach tithíochta ann, le líon daoine as cuimse i lóistín éigeandála, le cuid mhaith daoine ag fanacht in áiteanna plódaithe agus coinníollacha uafásacha iontu. Tá cuid mhaith seirbhísí poiblí ar an dé deiridh, seirbhísí dochtúir teaghlaigh agus sláinte ina measc. Ag an am chéanna, theip glan orthu plean cuí a chur i bhfeidhm don mhéadú i líon na dteifeach ó thús an chogaidh san Úcráin. Dá dheasca sin, tá orthu siúd a thagann chun na tíre seo cur fúthu i gcoinníollacha mífhoirsteanacha cruálacha.

Ní hiad na teifigh is ciontaí

Níor chúisigh teacht na dteifeach na géarchéimeanna uile atá inár sochaí agus bhí na fadhbanna céanna ann i bhfad roimh thús an chogaidh san Úcráin. Is iad easpa maoinithe sna seirbhísí poiblí, diúltú glan ar feadh na mblianta tithíocht phoiblí a thógáil, córas a thugann tús áite do thiarnaí talún, d’fhorbróirí  agus do na saibhre thar riachtanais an lucht oibre is cúis leo. Tá flúirse acmhainní sa tír chun tithe, seirbhísí agus caighdeán maireachtála maith fiúntach a chur ar fáil do chách. 

Tá 166,000 teach sa stat idir fholamh is thréigthe agus tháinig méadú de €16 billiún ar mhaoin na saibhre i rith na paindéime amháin. Tá ollchomhlachtaí idirnáisiúnta ag déanamh brabús as cuimse agus bhí farasbarr de €5 billiún ag an Rialtas anuraidh. Ach cruthaíonn neamart an Rialtais saol crua ina gcaithfidh gnáthdhaoine dul in iomaíocht le chéile chun teacht ar thithíocht agus ar bhunriachtanais eile.

Ní thiocfaidh cuidiú ná feabhas ar bith do phobail lucht oibre as agóidí i gcoinne na dteifeach. Is é atá de dhith ná gluaiseacht aontuithe de dhaoine ó gach cúlra sa lucht oibre chun dúshlán a thabhairt don Rialtas, do na tiarnaí talún, do na forbróirí, do na bainc agus dá gcóras lofa chun tithe do chách, fíorsheirbhís sláinte agus infheistíocht ollmhór i bpobail ar ndearnadh neamart orthu le fada an lá a éileamh. Tá an eite dheis go hiomlán in éadan na n-éileamh seo. Nuair a dhíríonn siad aird ar theifigh, tá siad, déanta na fírinne, ag cosaint an status quo agus na scothaicme.

Is féidir an eite dheis a bhrú siar.

Ach is féidir iad a bhrú siar. Ná creidimis ar feadh bomaite go bhfuil tacaíocht fhorleathan do na hagóidí seo sna pobail ina bhfuil siad ar siúl. Thug agóid pobail fhrithchiníoch i Mainistir Fhear Maí dúshlán d’agóidí frithÚcráineacha agus ba líonmhaire iad. Caithfear an fód a sheasamh i gcoinne bhagairt na heite deise.

Chun é seo a bhaint amach agus chun daoine a mhealladh ó thionchar na heite deise, caithfear an troid ar ais seo a dhíriú go soiléir ar an Rialtas agus ar an bhunaíocht chaipitleach. Caithfear an ghluaiseacht a bhunú ar shraitheanna leathana den lucht oibre, den óige agus de dhaoine atá faoi chois inár bpobail agus inár láithreáin oibre. Caithfear malairt slí cheart a chur chun tosaigh, atá bunaithe ar aontú an lucht oibre ar fad i streachailt ar son saoil mhaith do chách.

Éilímis:

  • Tithíocht phoiblí ar scála ollmhór. Ba chóir cíosanna a chiorrú is a reo agus an cosc ar dhíbirt a dhéanamh buan.
  • Infheistíocht i seirbhís sláinte phoiblí nua, saor in aisce ag pointe a húsáide agus deireadh a chur leis an tseirbhís dhá shraithe.
  • Deireadh a chur leis an tSoláthar Dhíreach agus an ceart tearmainn a chosaint. Ba chóir go mbeadh an ceart comhionainn ag gach teifeach fanacht agus bheith ag obair. Deireadh a chur le díbirtí ón tír.
  • Dúshlán a thabhairt don eite dheis agus deireadh a chur le polaitíocht scar agus treascair. Eagraímis ár bpobail chun dúshlán a thabhairt do na scéalta gan bunús faoi theifigh agus faoi inimircigh agus chun malairt slí a chur chun tosaigh chun an lucht oibre a aontú. Agus breis is 500,000 ball ag na ceardchumainn, d’fhéadfadh siad ról lárnach a imirt chun oibrithe a eagrú i gcoinne na deighilte ciníche.
  • Streachailt a thógáil chun dúshlán a thabhairt do réimeas an bhrabúis. Is í feidhm an chaipitleachais ná maoin a mhéadú do scothaicme fhíorbheag agus cruatan, éiginnteacht agus géarchéimeanna a mhéadú don lucht oibre ar fud na cruinne de gach cineáil cúlra. Chothaigh an caipitleachas an ciníochas agus deighilt i measc an lucht oibre a riamh. Troidimis ar son sochaí daonlathaí sóisialaí a bhaineann úsáid as maoin agus acmhainn chun freastal ar riachtanais achan duine ar son domhain gan éagothromaíocht ná cos ar bolg.
Total
0
Shares
Previous Article

France: Attacks on pensions rights begins

Next Article

Billionaires on trial: Oxfam's ‘Survival of the Richest’ report

Related Posts