Ganntanas Múinteoirí ina Chás Éigeandála

Le Kate Relihan

Ábhar náire dár gcóras oideachais is ea an ghéarchéim ghanntanas múinteoirí agus cás éigeandála atá againn anois dar leis an INTO. Deir an ASTI go bhfuil scoileanna “faoi bhrú uafásach” leis na céadta folúntas múinteoireachta roimh thús an téarma nua le 600 folúntas bunscoile is iar-bhunscoile fógraithe ar 5 Meán Fómhair ar educationposts.ie 

Dar le suirbhé a rinne an TUI ar na mallaibh, níor chreid 40% de mhúinteoirí go mbeadh siad ag teagasc i gceann deich mbliana. Ba iad  – ciorraithe ar phá, phinsin, agus ar phoist arduithe céime, easpa dul chun cinn gairmiúil, síneadh ar an tréimhse oiliúna atá níos costasaí  anois, scála pá ar dhá leibhéal agus coinníollacha sealadacha oibre – a chúisigh an ghéarchéim seo. É seo ar fad anuas ar na géarchéimeanna chostas maireachtála agus tithíochta, ina mbíonn 80% de theacht isteach mhíosúil mhúinteoirí i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile ídithe.

Feachtas na nGnáthmhúinteoirí Seolta

Mar thoradh ar theip thubaisteach an rialtais dul i ngleic leis na géarchéimeanna, bhunaigh tuismitheoirí, múinteoirí, gníomhaithe ceardchumainn agus IarTD de chuid an Pháirtí Shóisialaigh Ruth Coppinger ar múinteoir í féin, an Education Coalition Dublin West (ECDW). Is í sprioc na comhghuaillíochta ná múinteoirí, daltaí agus tuismitheoirí i streachailt choitianta chun cinntiú go ndéanfar an infheistíocht chuí chun dul i ngleic leis an ghéarchéim chun múinteoirí a choinneáil. 

Chuir an ECDW ceistneoir chuig na páirtithe rialtais agus chuig ionadaithe áitiúla, le cinntiú cén bealach a rachaidh siad i ngleic leis an ghanntanas múinteoirí atá ag déanamh damáiste as cuimse dár dtoghcheantar.

D’fhoilsigh muid na torthaí i nuachtlitir trí sheoladh rathúil a craoladh ar Virgin Media agus Newstalk. Glacadh go maith leis an togra seo in ár bpobal áitiúil agus ghlac go leor páirt i ndáileadh bileog, daltaí scoile ina measc. 

Ceist fhíorthábhachtach is ea í seo do thuismitheoirí, a théann i bhfeidhm go mór ar a bpáistí, ach go háirithe orthu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu. Tá múinteoirí á n-athlonnú mar nach féidir folúntais a líonadh. Cad chuige ar chóir dúinn na daoine is leochailí a fhágáil ar an trá fholamh arís is arís eile? Le toghcháin áitiúla agus olltoghcháin ar na bacáin agus géarchéim tithíochta ag dul ó olc go holc, cuirimis deireadh leis an mhíbhuntáiste shóisialta seo nuair atá farasbarr na mbilliún ag Rialtas a deir an ECDW. Go leana pobail eile an sampla seo ó Iarthar Bhaile Átha Cliath.

Total
0
Shares
Previous Article

30 years on: The Shankill bomb and Greysteel massacre

Next Article

Library workers – why and how we should resist the far right

Related Posts