Cúram Sláinte do Dhaoine Trasinscneacha in Éirinn – Tubaiste Náireach

Le hOllie Bell

In ainneoin an dul chun cinn ar fad atá bainte amach ag an phobal LADTA+, Comhionnanas Pósta agus an tAcht um Inscne a Aithint i 2015 ina measc, níl an cath ar son chearta LADTA+ thart. Faoi láthair, tá an pobal tras ag streachailt in éadan géarchéim sa chóras chúram sláinte do dhaoine trasinscneacha in Éirinn

Seirbhís ar bith don Óige

Uaireanta, tugtar blocálaithe caithreachais (puberty blockers) ag tús an chaithreachais chun bac a chur air go sealadach ach ní minic a tharlaíonn sé. Úsáidtear iad chun am a thabhairt don duine óg chun a n-inscne a dhaingniú agus aon seans a d’fhéadfadh diosfóiria inscne a bheith orthu a mhaolú. Ní bhíonn an rogha seo ag go leor ógánach trasinscneach agus mar sin, bíonn ar neart acu fanacht go dtí go mbaineann siad 18 bliana amach chun teiripe athsholáthar hormón nó TAH (HRT) a fháil. Is é an trasfhóibe sa leigheas is cúis le seo agus is é bunús na hidé-eolaíochta sin ná go bhfuil mearbhall de shórt éigin ar an ógánach nó nach bhfuil ann ach tréimhse shealadach ina saol. Cúiseanna eile ná easpa tacaíochta teaghlaigh agus mífháisnéis a scaipeann ag daoine trasfhóbach agus FRACHTÓD-anna (Feiminigh Radacacha a Chuireann Trasmhná Ó Dhoras) nó TERFs, ag déanamh scéal chailleach an uafáis as na blocálaithe caithreachais. Ní fheictear an eagla chéanna á cothú nuair a thugtar na blocálaithe caithreachais do pháistí cisinscneacha má thagann an caithreachas orthu róluath.. 

Tháinig deireadh le Clinic Aitheantas Insce do Dhéagóirí in Ospidéal Croimghlinne in Eanáir 2021. Cuirtear ógánaigh thrasinscneacha ar aghaidh chuig an chlinic seo cé nach bhfuil sé ag feidhmiú a thuilleadh. Ó aois 17 bliana ar aghaidh is féidir iad a chur ar aghaidh chuig an chlinic do dhaoine fásta i mBaile Uí Lachnáin. 6-10 bliana is ea an liosta feithimh i mBaile Uí Lachnáin.

Tá beirt inchríneolaithe a bhfuil an t-údarás acu oideas TAH (HRT) a scríobh do dhaoine trasinscneacha. Chun an teiripe a fháil, caithfidh an duine tras tabhairt faoi mheasúnacht shíciatrach agus diagnóis dhiasfóiria inscne a bheith orthu. Cé nár rangnaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) an trasinscne mar neamhord meabhrach ó bhí 2019 ann, leanann Baile Uí Lachnáin ar aghaidh leis an tsamhail curaim síocóiseach agus sáraíonn an tsamhail seo dea-chleachtais idirnáisiúnta mar atá leagtha síos ag an Chumann Domhanda na nGairmithe um Shláinte Thrasinscneach (WPATH) 

Samhlacha Seanfháiseanta a Dhéanann Dochar

Nuair a fhaigheann duine trasinscneach a gcéad choinne i mBaile Uí Lachnáin, bíonn orthu dul trí phróiséis trí huaire an chloig le sos 8 nóiméad. Cuirtear ceisteanna fíorphearsanta orthu faoina dteaghlaigh, a n-óige, a gcaidrimh agus aon tráma a d’fhuiling siad. Cuirtear an-bhéim ar chúrsaí collaíochta sna ceisteanna céanna. Cuirtear ceisteanna maidir le nósanna i leith na pornagrafaíochta, a stair chollaíochta, a smaointe le linn ghnéas béil agus an gcuireann caitheamh éadaí áirithe fonn craicinn orthu. Tá na ceisteanna seo bunaithe ar smaointe seanfháiseanta a bréagnaíodh i bhfad ó shin, nach bhfuil sa trasinscne, ach go háirithe i gcás trasbhan, ach feitis a spreagann fonn sa duine nuair a chuireann siad féin in iúl mar a rogha inscne.

Ní thugtar aon aitheantas do daoine trasinscneacha atá neamh-dhénartha, rud a chuireann iachall orthu ligeáint orthu gur trasfhir nó gur trasmhná iad chun teacht ar TAH (HRT.) Séantar TAH ar othair ar chúiseanna éagsúla, má dhiúltaíonn siad aon cheann de na ceisteanna fhreagairt nó muna dtugann siad ball teaghlaigh leo.

Is mar gheall ar an dídhaonnú seo agus ar liostaí fada feithimh a ghlacann go leor daoine trasinscneacha orthu féin bealaí eile a fháil chun teacht ar ar TAH. Dóibh siúd a bhfuil an t-airgead acu, tá seirbhísí ar nós GenderGP ann, ach tá siad an-daor. Ceannaíonn daoine eile hormóin ar line, á dtabhairt dóibh féin gan aon chúram ná stiúir leighis. Níl aon rogha phoiblí do mhainliachtaí inscne-dheimhnithe, rud a chuireann iachall ar go leor daoine trasinscneacha feachtais thiomsaithe airgid a thosú chun costais taistil is mainliachta a íoc.

Seirbhís Shláinte Phoiblí Cheart 

Cén dóigh a d’éirigh cúrsaí chomh holc seo? I bhfírinne, tá scéal chúram sláinte do dhaoine  trasinscneacha mar chuid de scéal an HSE, a bhfuil an tóin ag titim as leis na blianta de bharr ciorraithe. Tá liostaí fada feithimh le fáil ar fud an chóras sláinte anseo in Éirinn. Anuas air sin, bíonn eagla ar dhoctúirí srl. go mbeadh áiféala ar an duine d’aistrigh agus go n-aistreodh siar dá gcuirfí samhail tola eolasaí (informed consent model) i bhfeidhm. Tá rátaí aistrithe siar an-íseal, agus ní minic de bharr go dtugann an duine faoi deara nach duine trasinscneach iad. Tá easpa tacaíochta teaghlaigh, bagairtí foréigeanacha agus fadhbanna leighis i measc na gcúiseanna is coitianta. 

Is léir nach réiteoidh tuilleadh airgid is foirne an tSeirbhís Náisiúnta Inscne (National Gender Service.) Ba chóir déanamh ar shiúl leis an tsamhail cúraim atá in úsáid agus samhail bunaithe ar thoil, faoi cheannas dhochtúirí teaghlaigh a chumasaíonn daoine trasinscneacha chun bheith gníomhach maidir lena gcoirp agus a thugann gach cúram is cóir leighis atá uathu mar chuid de sheirbhís shláinte phoiblí d’ardchaighdeán.

Total
0
Shares
Previous Article

Food crisis: War in Ukraine means famine in Africa

Next Article

RMT Strike in Britain: Victory to the rail workers

Related Posts