An Iaráin Cothrom na Féinne do Zhina (Mahsa) Amini! Deireadh le Réimeas na gCléireach!

Ráiteas de chuid an ISA (International Socialist Alternative  is é an Páirtí Sóisialach an chraobh Éireannach den ISA) & Sóisialaigh Fheimineacha ROSA

Spreag bás Zhina (Mahsa) Amini, bean óg Chordach a mharaigh “póilíní moráltachta” de chuid na hIaráine, gluaiseacht úrnua ón bhun aníos, atá ag tabhairt dúshláin do riail na mullánna agus don réimeas san Iaráin agus fáilte á cur roimh Uachtarán Raisi ag Comhthionól Ginearálta na Násiún Aontaithe i Nua Eabhraic ag an am chéanna! 

Seasann muid an fód leis na mná misniúla, leis na hoibrithe is leis an óige atá ag dul sa bhearna bhaoil ag dul amach ar na sráideanna ag is iad ag scairteadh “go mbásaí an deachtóir,” “go mbásaí an tíorónach- más é an Shah nó an ceannaire reiligiúnach” agus “Mná, beatha, saoirse.” Níl insint béil ar an bhrón is ar an fhearg atá inár gcroíthe. Caithfear gníomh eagraithe a dhéanamh as an bhrón is as an fhearg seo in éineacht lenár gcomrádaithe san Iaráin, sa Chordastáin agus ar fud an réigiúin ar fad. Agus muid ag déanamh comhbhróin le muintir Zhina, cuideoidh muid mar an ISA is ROSA Idirnáisiúnta chun na hagóidí is gníomhaíocht idirnáisiúnta seo a leathnú is a eagrú.

Thug gníomhairí brúidiúlacha an réimis léasadh do Zhina agus fuair sí bás i ndiaidh di bheith i gcóma ar feadh trí lá. Gabhtar agus buailtear mná san Iaráin gach lá as na héadaí a chaitheann siad. Sampla é den fhoiréigean bhrúidiúil stáit ina bhfuil fuath ban agus feimeamharú fite fuaite ann agus atá forleathan sa tsochaí. Is mar gheall air sin a shíl go leor againn go bhféadfadh mé féin, m’iníon, mo dheirfiúr nó mo chara bheith i gceist. Tá mná róchleachtaithe le fir reiligiúnda, “póilíní moráltachta” agus go leor eile nach iad, dá gciapadh agus dá mí-úsáid, go príobháideach agus go poiblí. Má ghabhtar tú, níl a fhios agat cad atá romhat.  

Ní hí seo an chéad uair a maraíodh mná is iad faoi choinneáil nó iad á gcéasadh. Le linn a staire, rinne an réimeas a sheacht ndícheall fírinne na ndúnmharuithe seo a cheilt mar “thaomanna croí” nó “fhéinmharaithe” srl. An uair seo, áfach, phléasc agóidí amach mar gheall air – agóidí suí istigh, stailceanna, léirsithe ag na hollscoileanna agus os comhair na stáisiún pólíneachta.

Ní haon timpiste ná botún de chuid phóilíní aonair é dúnmhárú Zhini. Níl ann ach sampla de na polasaithe ina bhfuil an fuath ban is an chos ar bolg lárnach don réimeas Ioslamach ón uair a bhain siad cumhacht amach. Le breis is dhá scór bliain, dhíol mná agus mionlaigh ar nós na gCordach, go daor lena gcoirp is lena mbeatha agus iad ag iarraidh a gcearta is bunúsaí a chosaint. Agus iad ag cur i gcoinne an hijab éigeantaigh, téann an-chuid sa bhearna bhaoil ar bhonn minice, chun saoirse rogha bheith acu mar gheall ar a gcoirp. Is mian leis an réimeas an ghluaiseacht is an ghníomhaíocht stailce leanúnach a bhriseadh. Sna réigiúin Chordacha, mar shampla, tá cur faoi chois ollmhór ann agus daoine á marú ag léirsithe go fiú. Ach ní féidir fearg na ndaoine a cheansú ag an nóiméad seo. Maraíodh Zhina ag am, ina bhfuil an réimeas ag streachailt le go leor géarchéimeanna  – boilsciú agus bochtaineacht ag méadú, rudaí a théann i bhfeidhm i bhfad níos mór ar mhná. Tá cumhacht na mullánna á ceistiú, a riail i mbaol i gcónaí mar a chonacthas le linn na paidéime, le gluaiseachtaí agóidíochta ag dul ó neart go neart agus le múinteoirí, hoibrithe ola, haltraí agus tiomáinithe bus ar stailc. Tá a sáith ag muintir na hIaráine agus is iad mná agus Cordaigh atá ar thús cadhnaíochta den streachailt chun deireadh a chur le réimeas na ndúnmharfóirí Ioslamaíocha seo. Ba iad a bhí ann i gcónaí, ba iad a thóg na chéad chéimeanna chun gluaiseacht a thógáil, chun a gcearta a éileamh chomh maith leis an locht oibre oibre a fhuascailt mar chuid den ghluaiseacht réabhlóideach 40 bliain ó shin. Gluaiseacht a rinneadh feall uirthi, gluaiseacht a goideadh.

Tá fios maith ag an réimeas faoin chumhacht atá ag an gjluaiseacht seo, agus iad ag iarraidh mná, an pobal LADTAI+ agus an óige a chur faoi chois le roinnt seachtainí is míonna anuas mar a chonacthas le daoradh báis Zahre Sedighi agus Elham Choobdar. Ach gach seans go leathnóidh an ghluaiseacht ar fud an réigiúin agus mar a tharla le déanaí, mná a bhí i lár an aonaigh sna héirithe amach ón Liobáin go dtí an Iaráic. Tá mná ag baint an hijab dóibh féin, ní hamháin i mbaile dúchais Zhina, ach leathnaigh agóidí go Tehran agus go hIsfahan agus chomh fada leis an Iaráic. Rinne na fórsaí slándála iarracht imeaglú a dhéanamh ar mhuintir Zhina, ag iarraidh iachall a chur orthu í a chur san oíche ach sheas siad an fód agus d’fhás agóid mhór ghlórach as an tsearmanas sochraide a chuir tús leis an ghluaiseacht seo ar fad. Ar leac a huaighe, tá sé scríofa i gCordais, “Zhina, ní marbh atá tú, tá d’ainm mar chód anois.” 

Tá an streachailt i gcoinne an hijab éigeantaigh agus ghnásanna feistise fite fuaite leis an streachailt i gcoinne an réimis ar fad agus i gcoinne an chórais chaipitligh san Iaráin agus go hidirnáisiúnta. Mar atá le feiceáil go hidirnáisiúnta, nuair a bhuaileann géarchéimeanna an córas, caithfidh ceannairí coirp agus saoil na mban a smachtú níos mó is níos mó. Chun róil inscne is dúshaothrú na mban sa teaghlach a chosaint is a chaomhnú, caithfidh an réimeas san Iaráin cos ar bolg brúidiúil a imirt ar mhná le dlíthe reiligiúnda agus le foréigean. Ag an am chéanna, tá polaiteoirí de chuid an Iarthair agus Impiriúlachas SAM ag iarraidh úsáid a bhaint as bás Zhina chun a leasa féin, is léir nach féidir bheith muiníneach as na fórsaí seo. Tá ár saoil is ár gcoirp á smachtú trí ghnásanna feistise, shrianta ginmhillte, fhoréigean inscne-bhunaithe, fheimeamharú, bhochtaineacht agus ocras. A bhuí le fórsaí impiriúlacha, tá an réigiún ar fad ina chíor thuathail le cogadh is le scrios, ag cur bheatha na mban i mbaol ní hamháin le méadú is le treisiú na bhfórsaí Ioslamaíocha atá amach ar an eite dheis san Afganastáin, san Iaráic, sa tSiria ach tríd a gcuid smachtbhannaí ar an Iaráin, rud nach gcuireann isteach an iomaraca ar na mullánna fíorshaibhre ach a chuireann isteach go mór ar an lucht oibre is ar na boicht, ar mhná bochta ach go háirithe.

Bíonn an tIarthar ag lútáil ar cheannairí réimeas frithghníomhach de chuid na Araibe Sádaí atá chomh holc leis an Iaráin sa bhealach a chaitheann siad le mná. Gearradh píonós a mhairfidh na scórtha bliain ar mhná as a dtuairimí a nochtú ar na meáin shóisialta le déanaí. Is cuma leis na cumhachtaí seo faoi shaoirse, faoi chearta ná faoi fhuascailt na slóite. Is trí cumhacht aontaithe na bhfear, na mban, na n-oibrithe agus gach duine atá faoi chois san Iaráin a bhainfear an réimeas seo anuas.

Caithfear troid i gcoinne an réimis ar fad chun go bhfaighfeadh Zhina cothrom na féinne. Troidimis chun deireadh a chur leis an hijab éigeantach agus ar son saoirse chun cibé is mian linn a chaitheamh, chun deireadh a chur le rialacha is dlíthe fuath ban agus le gach cineáil leatrom ar ghrúpaí faoi chois. Caithfidh muid troid ar son chearta agóidíochta is chearta eagraithe agus caithfidh muid éileamh go scaoilfidh saor na príosúnaithe polaitiúla. Ar son saol fiúntach, na sábhailteachta, na fostaíochta agus pá chothroim. Ar son na saoirse do gach bean i ngach gné dá saol. Tagann na héilimh seo salach ar chlár oibre agus ar riachtanais an réimis. Níl aon amhras orainne ach go mbainfear amach na héilimh seo leis an aontacht, an dlúthpháirtíocht agus le streachailtí aonair an lucht oibre le mná is daoine faoi chois ar thús cadhnaíochta.   

Is féidir leis an streachailt seo dúshlán a thabhairt don ghnéasaíochas, fhoréigean agus leatrom atá fréamhaithe go domhain. Bhain an réimeas leas as an leatrom bhrúidiúil i gcoinne na gCordach is mionlach eile i gcónaí mar chuid de pholasaí scar agus treascair. Bagairt faoi leith a bhí ann a riamh i míliteacht streachailt na n-oibrithe Cordacha is streachailt radacach na mban.  Is mar gheall air sin go gcaithfidh gluaiseacht lucht oibre na hIaráine bheith ar chúl ghairm chun stailce na n-oibrithe Cordacha. Caithfear an ghluaiseacht a leathnú  chun coistí gnímh a thógáil sna scoileanna, hollscoileanna, hionaid oibre agus comharsanachtaí. Caithfear taispeáint nach féidir gluaiseacht oibrithe na hIaráine a scoilt ó ghluaiseacht na ndaoine uile atá faoi chois – is í an streachailt chéanna í agus is é an namhaid céanna é. Tá an dlúthpháirtíocht seo riachtanach chun deighiltí náisiúnacha is eitneacha chomh maith le leatrom agus foréigean inscne-bhunaithe a shárú. Is fíor sin i gcás ghluaiseacht idirnáisiúnta na n-oibrithe agus caithfear dlúthpháirtíocht ón bhun aníos a thógáil mar mhalairt slí d’fhimíneacht impiriúlachas an Iarthair is a bhfeimineachas liobrálach. Léirigh na stailceanna is déanaí ar fud na hIaráine gur féidir gluaiseacht oibrithe láidir dhaonlathach atá eagraithe ar bhonn il-eitneach il-inscneach a chur ar bun a chuirfeadh deireadh le riail na mullánna, Raisi Khamenei is an réimeas a bhriseadh, an córas eacnamaíoch ar fad a chur faoina stiúir agus troid ar son córais shóisialaigh dhaonlathaigh chun saoirse, comhionannas agus féinriar colainne a chinntiú do chách.

Total
0
Shares
Previous Article

Maynooth student centre: We were robbed – what should we do about the €150 levy?

Next Article

Brazilian socialists say: "Defeat Bolsonaro & mobilise to reconquer our rights"

Related Posts