Dúnmharú Tyre Nichols: Tá ollagóidí uainn chun deireadh a chur leis an phóilíneacht chiníoch

Le Socialist Alternative Black Caucus, Socialist Alternative comheagraíocht dar gcuid i SAM

D’eisigh Roinn Pólíneachta Memphis físeán i gceithre chuid a léiríonn cúigear oifigeach ag marú Tyre Nichols ar na mallaibh. Tarraingíodh Nichols i leataobh ag stop tráchta go luath i mí Eanáir agus thug na póilíní léasadh uafásach dó. Fuair sé bás de bharr a ghortuithe san ospidéal ar an 10ú Eanáir. Tagann sé ar shála scéil in Atlanta inar scaoileadh duine neamharmtha, 26 bliain daois a bhí i mbun agóide in aghaidh síneadh ar fhoirgneamh acadamh póilíneachta. Anuraidh, mharaigh na póilíní 1,176 duine.

Tharraing an “SORPION Unit,” aonad speisialta de chuid póilíní Memphis a dhéanann “hot spot policing”, Nichols i leataobh as tiomáint fhíorchontúirteach, mar dhea. Dar le ceannasaí póilíní Memphis, CJ Davis nach rabhthas in ann bheith cinnte an raibh aon bhunús le Nichols, athair 29 bliain d’aois, a tharraingt i leataobh. Bhásaigh Nichols san ospidéal an oíche chéanna, le cnámha briste agus cliseadh ae.

Cúisíodh na póilíní as fuadach, mí-iompar gairmiúil, cos ar bolg oifigiúil agus dúnmharú den dara grad. Ag am a scríofa, tá siad amuigh ar bannaí de $250,000 agus fanfaidh ceathrar as an chúigear saor le linn na trialach. Is ábhar imní iad roinnt tuairiscí a deir nár sheas paramíochaineoirí isteach le linn na heachtra. In ainneoin gur cúisíodh na póilíní an iarraidh seo (oidhreacht na n-ollagóidí i ndiaidh dhúnmharú George Floyd), caithfear cloí leis an bhrú chun claochlú iomláin a dhéanamh ar phóilíneacht sna Stáit.

Cuireann na míreanna físeáin de dhúnmharú Tyre Nichols i gcuimhne dúinn go leanann brúidiúlacht na bpóilíní ar aghaidh agus gur marfach í do dhaoine le dath sna Stáit. Ní dhéanann sé lá difir gur daoine gorma iad na póilíní féin. Is í an chúis go bhfuil an SCORPION Unit ann sa chéad áit ná chun bob a bhualadh ar dhaoine le dath agus iad a mhealladh chun coir a dhéanamh (go han-mhinic chun iad féin a chosaint.)

Leagadh bunchlocha do dhúnmharú Nichols i bhfad ó shin agus caithfear dul i ngleic le cúiseanna a bháis. Ná ligimis don bhunaíocht a rá nach raibh ann ach cúpla drochacra. Tá an bhrúidiúlacht fite fúite i struchtúr na bpóilíní sna Stáit. Feidhmíonn póilíní saor ó phíonós, armáilte go dtí na cluasa le huirlisí troda airm agus na coireanna a stopann siad, mar dhea, coireanna bochtaineachta iad a bhformhór.

Ollagóidí mar a chonacthas i ndiaidh bhás George Floyd atá de dhith. An iarraidh seo, tá liosta eileamh uainn a rachadh i ngleic le brúidiúlacht na bpóilíní, le béal bán na bpóilíní a chuireann gealltanais dúinn nach bhfuil ann ach caint san aer.

Tá ollghluaiseacht neamhfhoréigeanach, ar bhonn uilechine ar fud na tíre a chuirfeadh isteach ar an chóras féin de dhith. Caithfear aon phóilín le hiompar ciníoch agus fórsa iomarcach ar a thaifead aige a ruaigeadh láithreach. Caithfear póilíneacht a chur faoi smacht bord tofa go daonlathach agus cumhacht acu ar earcú agus bhriseadh as post, shubpoena ag déanamh athbhreithnithe ar thosaíochtaí caiteachais.

Cur chuige ciníoch na bpóilíní a mharaigh Nichols

Bunaíodh an t-aonad SCORPION i mí Dheireadh Fómhair 2021 faoi choimirce aonad coiriúlachta eagraithe de chuid na roinne. Gheofaí srachfhéachaint ar obair an aonaid agus iad á cur chun cinn ar a leahanach Facebook: daoine á ngabháil i ndiaidh a dtarraingthe i leataobh, cúrsaí ag dul in olcas agus sa deireadh daoine á ngabháil as gunnaí is drugaí bheith ina seilbh acu.

Comhartha sóirt den “hotspot policing” seo ná póilíní ag ligean orthu gur ionsaitheoirí iad ag cur coireachta faoi chois, mar dhea. Go bunúsach, ciallaíonn “hot spot policing” ná póilíní ag dul thart ag iarraidh cur isteach ar dhaoine ag súil leis go rachadh rudaí in olcas agus go ndéanaí coir gur féidir duine a ghabháil dá barr. Dar le Leas-cheannasaí Póilíní Memphis, Don Crowe, gurb í feidhm SCORPION ná an sprioc-cheantar a aimsiú, an áit a phlódú le póilíní agus an choireacht a chur faoi chois sa cheantar sin.

Dar le Keedran Franklin, eagraí pobail i Memphis go mbíonn SCORPION dá n-iompar féin mar a bheadh drong beag dá gcuid féin acu ann. Thagair sé dóibh ag tiomáint thart fá chomharsanachtaí Gorma i gcarranna neamh-mharcáilte le himir dhorcha ar na fuinneoga ag seinm ceoil aird. Gan iad féin a chur in aithne mar phóilíní, cuireann siad iachall ar dhaoine teacht amach as a gcarranna agus sceimhlítear iad. I gcathracha eile, tá scuaid ann ar a nglaoitear “jump out boys” agus is é an post atá acu ná daoine a ghríosú agus cúrsaí a chur chun donais.

Cur Chuige bunaíocht Pháirtí na nDaonlathach.

Is faoi stiúir na nDaonlathach a bhíonn an cur chuige brúidiúil póilíneachta seo agus tá sé go forleathan ar fud na tíre. Bhain Baltimore, cathair atá á riar ag na Daonlathaigh agus a bhfuil bunaíocht pholaitiúil Ghorm aici, triail as an cur chuige póilíneachta seo dhá uair le deich mbliana anuas. Ba chúis leis na milliún dollar i socruithe cúirte mar gheall ar bhrúidiúlachta póilíneachta, a bhfórmhór daoine Gorma den lucht oibre. Cúisíodh aonad amháin ar leibhéal feidearálach, an Gun Trace Task Force, as an chambheartaíocht.  Scaoileadh chun báis bleachtaire, a raibh sé i gceist aige fianaise a thabhairt i gcoinne bhaill an aonaid sin. Níor réitíodh an cás áirithe sin go fóill.

Chaith Roinn Póilíneachta Baltimore “hot spot policing” i dtraipisí i ndiaidh  ghluaiseacht ollmhór agóidíochta i ndiaidh dhúnmharú Freddie Grey in 2015. Cuireadh Grey isteach ar chúl veáin póilíní agus glais lámh air agus ar aghaidh leo le haghaigh “rough ride,” inar thiomáin siad go fíorchontúireacht d’aonturas. Cúpla bomaite ina dhiaidh sin, tógadh amach é is a chnámh droime briste. A luaithe is a shuaimhnigh an ghluaiseacht, bhunaigh Daonlathaigh Baltimore “hot spot policing” an athuair in 2018. Tháinig rabharta eile cásanna bhrúidiúlachta póilíneachta, ach chuaigh an ráta dúnmharuithe in airde go fóill.

Ghlac na Daonlathaigh friotal na gluaiseachta BLM in 2020 agus líon Biden na cluasa dúinn le gealltanais de mhaoirseacht ar phóilíní ar leibhéal feidearálach. D’imigh na gealltanais seo le sruth agus ag an am chéanna, thosaigh na Daonlathaigh áitiúla  ag cur dlús faoin phóilíneacht sna cathracha móra le roscaireacht faoi “dlí is ord,” ag bronnadh bónas mór earcaíochta agus ag ardú an mhaoinithe do na póilíní. Ba chúis le scaoileadh agóideora 26 bliana d’aois na póilíní míleataithe agus lán misnigh seo.  Bhí sé i gcoinne 85km d’fhoraois a leagan chun campa traenála “Cop City” ar bhfiú $90 milliún é in Atlanta a thógáil.

Agus géarchéim chiníochas na bpólíní ag dul in olcas lá in aghaidh lae, níl ann ach ceist ama go dtí go dtagann athbheochan ar ghluaiseacht na sráide. Tá sé ríthábhachtach cuimhniú ar an chiall cheannaithe ó éirí amach George Floyd chun an lámh in uachtar a fháil ar bhrúidiúlacht na bpóilíní. I rith an fheachtais in 2020, Tadhg an dá thaobh ceart a bhí sna Daonlathaigh an tráth sin – iad ag tabhairt tacaíochta don ghluaiseacht ach ag tiomáint na sluaite agóide ar an tsráid mar a dhéanfaí le tréad bó agus ag cur le buiséid na bpóilíní. Iad seo an dream céanna a chuir an Guarda Náisiúnta amach chun agóidí i gcoinne dhúnmharú Nichols a chloí.

Tá gluaiseacht neamspleách, atá fréamhaithe i bpobail Ghorma lucht oibre, de dhith orainn, seachas a bheith faoi smacht na nDaonlathach is na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOanna.) Tá fíorchruinnithe pleanála de dhith orainn ina mbíonn pobail Ghorma den lucht oibre in ann a ngluaiseacht féin a mhúnlú agus a n-éilimh féin a chur chun tosaigh. Tá oibrithe Gorma ar cheann an tslua sa ghluaiseacht lucht oibre atá ag dul i neart arís. Tá ról faoi leith le himirt ag na ceardchumainn chun an fód a sheasamh i gcoinne na héagothroime agus é a dhéanamh ar bhonn seasta, uilechine agus é fréamhaithe sa lucht oibre.

Caithfear póilíneacht a chur faoi smacht bord tofa go daonlathach agus cumhacht acu ar earcú agus bhriseadh as post agus shubpoena. Ba chóir go mbeadh an chumhacht acu tosaíochtaí roinne póilíneachta a leagan amach, agus scuaid sceimhle foréigeanacha ar nós SCORPION a dhíchoimisiniú. Caithfear cáin a ghearradh ar bhilliúnaithe agus ar ollchomhlachtaí chun infheistíocht ollmhór a dhéanamh sa tithíocht, san fhostaíocht agus i gcláir shóisialta. Agus an lucht oibre – ach go háirithe daoine le dath agus an óige – i gceannas, is féidir le gnáthdhaoine gluaiseacht a thógáil a chuirfidh deireadh le cleachtais bhrúidiúlacha ar nós “hot-spot policing” agus foréigean ciníoch na bpóilíní i gcoitinne.

Total
0
Shares
Previous Article

Nurses homes fees scandal: Case study in how the Irish state treats the most vulnerable

Next Article

Earthquake hits Turkey, Syria & Kurdistan: Thousands killed, construction companies profit

Related Posts