Billiúnaithe ar thriail: Tuairisc nus Oxfam ar éagothromaíocht dhomhanda

Le Martin Murphy

Ar 16 Eanáir, d’fhoilsigh Oxfam tuairisc “Survival of the Richest” ag léiriú na bearna móire idir an 1% agus an lucht oibre agus na boicht.

Drochléiriú í an tuairisc ar an tsaibhreas dhochosanta scannalach a chruinnigh na billiúnaithe i ndiaidh an chúlú mór eacnamaíochta agus náireach ar fad, le linn na paindéime. Léiríonn an tuairisc gur chruinnigh na súmairí seo san 1% os cionn leath an tsaibhris nua ar domhan. Ó 2020, cuireadh borradh faoin bhrabúsaíocht ar leibhéal as cuimse agus an 1% ag cruinniú suas 63% den tsaibhreas nua déanta!

Ag an am chéanna, níor fágadh don 90% is boichte ná 10% den tsaibhreas nua le bheith beo air. Bealach eile le hamharc ar seo dar le hOxfam ná go bhfuil billiúnaithe ag cruinniú $2.7 billiún in aghaidh an lae agus léiríonn sé gur le deichniúr billiúnaithe níos mó airgid ná 200 milliún bean Afracach. Luaitear chomh maith, go gcuirfidh na géarchéimeanna eacnamaíochta agus timpeallachta atá ar na bacáin isteach níos mó ar mhná.

I mbun brabúsaíochta agus an domhan trí thine

Tá an domhan faoi láthair i lár géarchéimeanna éagsúla sa chaipitleachas agus tá siad ag dul in olcas. Measann an tuairisc go bhfuil 1.7 billiún ar domhan a bhfuil a dteacht isteach taobh thiar den ráta boilscithe. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an chuid is mó de dhaoine ag díol a saothair faoi bhun a luaiche agus iad ag streachailt chun iad féin a bheathú nó a dtithe a théamh. Go scannalach, is cúis le 50% den bhoilsciú ná bánú-praghasanna. Ní hamháin seo ach agus 800 milliún duine ag dul a luí agus ocras orthu, rinne na hollchomhlachtaí fuinnimh is bia dúbailt ar a mbrabús in 2022. Rinne na hollchomhlachtaí ola is mó ar domhan brabús de $200 billiún agus rinne na hollchomhlachtaí guail $97 billiún.

I bhfianaise gurb iad baint agus dó breoslaí iontaise is cúis le tubaiste an athruithe aeráide, is ar chostas na ndaoine agus an domhain atá an bhrabúsaíocht, bímis ionraic faoi. Beidh go leor daoine thíos leis go mór dá bharr; iad níos boichte, ag teitheadh ó dhrochthalamh agus na milliúin teifigh aeráide anuas ar na milliúin teifigh cogaidh is eacnamaíochta.

I bhfianaise na fulaingthe seo ar fad, ba chóir féachaint ar an bhrabúsaíocht mar choir. Luann “Survival of the Richest” nár dhíol beirt de na fir is saibhre ar domhan, Jeff Bezos agus Elon Musk, ach idir 1% agus 3.27% de cháin. Measann Oxfam go bhféadfadh cáin shimplí de 5% ar mhaoin na mbilliúnaithe suas le $1.7 trilliún in aghaidh na bliana, rud a tharraingeodh 2 billiún duine as an bhochtanas.

Éire Éagothroim

Ó dheas, tá éagothroime maoine tar éis fás as cuimse le deich mbliain anuas. Ó 2012, d’fhás an méid daoine le maoin de níos mó de €46.6 milliún ($50 milliún) faoi dhó agus 1,435 ann anois. Anois, is leis an 1% is saibhre 27% de mhaoin na tíre (€232 billiún), agus gur leis an 10% beagnach dhá thrian (€547 billiún) den mhaoin agus gan ach 1.1% ag an 50% is boichte.

Maíonn an tuairisc gur thóg an 1% is saibhre €31 as gach €93 a cruthaíodh le deich mbliain anuas agus nach ndeachaigh ach 50 cent don 50% is boichte! I bhfocail eile, chruinnigh an 1% is saibhre 70 oiread níos mó maoine ná an 50% is boichte le deich mbliain anuas. Tharla an fás as cuimse maoine seo i ndiaidh déine crua a chuir rialtas i ndiaidh rialtais in Éirinn i bhfeidhm ag cur leis na géarchéimeanna gan deireadh sa chóras sláinte is i gcúrsaí tithíochta.

Ó dheas, faoi láthair, tá os cionn 11,500 duine ina gcónaí i lóistín éigeandála agus 3,500 páiste ina measc. Go neamhoifigiúil, meastar go bhfuil os cionn 200,000 duine gan dídean faoi cheilt. Ina measc, tá daoine óga ag surfáil tolg agus mná ag teitheadh ó fhoréigean inscne-bhunaithe agus cónaí orthu i dtithe tearmainn. Tá teifigh ag éalú ó chogadh agus chos ar bolg agus cuirtear iad i lóistín sealadach atá gan mhaith agus ag an am chéanna, an ceap milleán á ndéanamh dóibh ag an eite dheis atá ag tapadh na deise as teipeanna an rialtais chun fearg chiníoch a chothú. Rachaidh an fuath is an fhearg seo chun donais agus géarchéimeanna an chaipitleachais ag dul in olcas.

Ar láimh eile, táthar ann atá ag déanamh go maith as an ghéarchéim tithíochta. Duine ina measc ná an billinúnaí John Grayken, bunaitheoir agus cathaoirleach Lone Star Funds, ceann de na creach-chistí a bhain leas as morgáistí cruacháis in Éirinn. Tá maoin phearsanta de $8.5 billiún ag Grayken féin.

Deireadh leis na billiúnaithe!

I bhfianaise na héagothroime ollmhóire in Éirinn, molann Oxfam cáin de 2, 3 agus 5% dóibh siúd a shaothraíonn os cionn na tairsí airde de €4.7 milliún. Bhaileodh sé seo €8.7 billiún cánach sa bhliain. D’fhéadfaí an t-airgead seo a úsáid chun tithíocht phoiblí, agus an córas sláinte a leasú ó bhonn chomh maith le hairgead a chur ar ais i bpócaí na n-oibrithe is pobal.

Ar leibhéal domhanda, molann an tuairisc chun ráta cánach de 60%-80% a ghearradh ar na billiúnaithe agus é mar sprioc chun deireadh a chur le billiúnaithe ar fad. Ciallaíonn sé go bunúsach ná brú a chur ar rialtais chun cáin a ghearradh ar stoic neamhdhíolta, ghnóthacháin chaipitil, oidhreacht srl. D’athródh sé seo caighdéain mhaireachtála as cuimse agus na billiúin sa domhan iarrchoilíneach a tharraingt amach as an bhoctanas.

Chuirfeadh sóisialaithe fáilte roimh na leasuithe cánach seo. D’éirigh le Socialist Alternative, comheagraíocht de chuid an Pháirtí Shóisialaigh, i Seattle, a bhfuil ionadaí acu ar an chomhairle chathrach, Kshama Sawant, cath a bhuachaint chun cáin a ghearradh ar Amazon chun tithíocht phoiblí a mhaoiniú. Bua mór. Ach ní féidir leasuithe a bhaint amach trí iarrachtaí ciall a chur ar rialtais chaipitleacha. Is í saint fhíochmhar ar son brabúis a spreagann is a ghríosann a gcóras chun gnímh agus an t-aon bhealach chuige sin ná dúshaothrú oibrithe agus an domhain nádúrtha.

Níos tábhachtaí fós, déanfaidh siad a ndícheall cur i gcoinne aon iarracht ar son chóras cánach forchéimnithí chun a mbrabús a chosaint. Rachadh caipiteal ar stailc, is é sin le rá, a n-airgead a thabhairt amach as an tír ina bhfuil sé lonnaithe ag diúltú infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar. Seo an chúis nach leor cánacha leo féin, gur gá dúinn maoin a athshealbhú ó na billiúnaithe agus ó na hollchomhlachtaí agus anuas air sin, smacht is úinéireacht a fháil ar phríomhearnáileacha an gheilleagair. Is é an t-athrú sóisialach seo an t-aon bhealach chun deireadh a chur le héagothroime agus leis an damáiste shóisialta a dhéanann sí.

Ní bhainfear an t-athrú sin amach gan streachailt na sluaite. Chun deireadh a chur leis na billiúnaithe, caithfidh muidne, na billiúin, na hoibrithe agus na boicht – deireadh a chur leis an chóras a chruthaíonn iad sa chéad áit: an caipitleachas. Is sinne a ritheann an tsochaí, is féidir linne í a athrú má eagraíonn muid le chéile. Tharraing an rabharta stailce sa Bhreatain agus ó Thuaidh múinteoirí, altraí, dugairí agus oibrithe iarnróid le chéile agus ba léiriú é ar chumhacht na n-oibrithe. Má bhaintear tairbhe as an chumhacht sin, is féidir deireadh a chur le riail na mbilliúnaithe agus saol sóisialach a bheith againne.

Total
0
Shares
Previous Article

“Paschal’s posters”— lifting the lid on a cosy relationship

Next Article

Unite against racism, the far right & division – homes & healthcare for all

Related Posts