Tuarascáil Oxfam: Na Boicht ag Saothrú an Bháis agus na Billiúnaithe ag Saothrú agus ag Dúshaothrú

Le James Fleming 

Tá paindéim an chórínvíris ar cheann “de hamanna is fear d’aicme na mbilliúnaithe a riamh,” dar le hOxfam ina dtuarascáil Profiting from Pain, ar fáil anseo.

Le níos mó is níos mó den lucht oibre is de na boicht ar an ghannchuid, ag dul gan bhéilte, teas, chúram sláinte agus bhunriachtanais eile, tá na billiúnaithe ar mhuin na muice. Faigheann duine bás de bharr ocrais gach bomaite. Tháinig ardú 30% ar phraghas an bhia ó bhí anuraidh ann agus 263 milliún duine sa bhreis “beo bocht” dá bharr gan a bheith ag saothrú ach níos lú ná $1.90 in aghaidh an lae i 2022. Is ionnan an méid sin daoine agus daonra na Gearmáine, na Fraince, na Breataine is na Spáinne le chéile.   

Beidh ar na céadta míle Éireannach dul i ngleic leis chruatan an samhradh seo, 200,000 páiste ina measc. Bhí maitheas do na billiúnaithe sa ghaoth a shéid covid, an t-ardú praghasanna do bhia  agus fuinnimh nó i bhfocail an Irish Times “bonanza” a bhí ann dóibh. D’ardaigh rachmas an naonúr billiúnaithe is saibhre in Éirinn de €15.5 billiún, €51 billiún ar an iomlán.

Dar le Forbes go bhfuill 2,668 billiúnaí ar domhan le saibhreas dochreidte de $12.7 trilliún ($12,700,000,000,000) eatarthu. Tá Bezos, Musk agus plútacrataigh eile i measc an deichniúir is saibhre ar domhan tar éis “níos mó maoine ná mar atá ag an 40% is boichte den chine daonna nó 3.1 billiún duine,” a chur i dtaisce.

Is Iad na hOibrithe a Íocann an Praghas

I Márta 2022, chonaic muid “an t-ardú is mó i bpraghasanna bia ó thosaigh na Náisiúin Aontaithe á dtaifead.” Tá fíorphá na n-oibrithe ag dul síos mar níl siad ag coinneáil suas leis an chostas maireachtála. Mar a deir Oxfam ina dtuarascáil, “Ní raibh sé chomh daor a riamh a bheith bocht.”

Déantar cur síos ar an bhoilsciú mar ardú sa chostas maireachtála. Maireachtáil! Is ea, maireachtáil beo. Cuireann na harduithe seo ar phraghasanna bia is fuinnimh, chomh maith le cíos ard is praghasanna arda tithe, isteach go mór ar an lucht oibre atá ag streachailt cheana féin. Bunriachtanais is ea iad bia, fuinneamh, dídean is cúram sláinte. Ní pribhléidí iad.

Chun feasacht a ardú ar a bhfeachtas, chruthaigh Oxfam an háischlib  #ProfitingFromPain. Tá sé an-fhóirsteanach mar chur síos. Pian is ea foinse an bhrabúis. Níl sa bhrabús féin ach dúshaothrú.

Tá scéal shaibhreas an dornáin bhig fite fúite le scéal dhaibhreas na mbilliún daoine. Is é an scéal céanna é. Dar le hOxfam gurb é an “feiminéan céanna é ardú tobann gasta saibhreas na mbilliúnaithe is an ghéarchéim chostas maireachtála lena bhfuil na billiúin daoine ag streachailt.”

In 1867, thaispeán Karl Marx gurb ionann “cruinniú maoine ar thaobh amháin is cruinniú cruatain, crá croí na hoibre maslaí, aineolais, brúidiúlachta agus anró intinne ar an taobh eile.” Mar a dúirt an Irish Times, “tá daoine ag obair níos crua ar phá níos ísle i gcoinníollacha níos measa.”

I ndiaidh blianta de pholasaithe nualiobrálacha ar son na gcorparáidí móra, “sciobadh seirbhísí poiblí agus cuireadh i lámha príobháideacha iad, rud a chuir le carnú chumacht na gcorparáidí agus le seachaint cánach ar scála ollmhór. D’aonturas a cuireadh na polasaithe seo i bhfeidhm chun cearta oibrithe a chreimeadh agus is cúis le dúshaothrú neamh-inbhuanaithe don domhan iad.”

Moltaí Measartha Oxfam.

Mhol Oxfam trí rud chun dul i ngleic le hanró sóisialta eacnamaíoch ina dtuarascáil.

  1. Cáin phráinneach paindéime ar bhrabúis bhreise ar na hollchomhlachtaí is mó ar domhan.
  2. Cáin dlúthpháirtíochta aon uaire ar rachmas na mbilliúnaithe ar bhonn práinneach.
  3. Cáin rachmais bhuan ar na billiúnaithe is saibhre.

Is céimeanna forásacha iad seo a d’fhéadfadh “2.3 billiún a thógáil ón bhochtanas,” ach i bhfírinne, ní théann siad fada go leor. Dá ngearrfaí cáin ar 99% de mhaoin Elon Musk, bheadh sé go fóill “ar dhuine den chéad 0.0001% de dhaoine saibhre an domhain,” ilbhilliúnaí a bheadh ann go fóill.

An cosúil go gcuirfidh rialtais atá, dar leo, ar son gnó, moltaí Oxfam i bhfeidhm? Caolseans. Ach fiú má chuirtear cuid acu i bhfeidhm, nó fiú an t-iomlán, beidh na caipitligh ag stocaireacht chun iad a chur ar ceall nó gheobhaidh siad bealach éalaithe astu, cruthóidh siad raic sna meáin mhóra is na meáin shóisialta maidir le sárú saoirse bheith sna cánacha céanna.

Cén réiteach atá ar an scéal mar sin? Bhuel, a fhad is a bhíonn caipitligh ann agus an geilleagar, an talamh, na hacmhainní is na meáin ina seilbh acu, beidh smacht acu ar na rialtais, rud a chuireann ar a gcumas acu leanúint ar aghaidh ag cur doine faoi chois agus ag scriosadh an domhain. Seo í an chumhacht a chaithfidh muid a bhaint óna lámha. Cuirimis deireadh leis an chaipliteachas! Is é atá i gceist ná maoin is acmhainní na gcaipitleach a thógáil, iad a chur faoi úinéireacht phoiblí, áit gur féidir iad a úsáid mar chuid de phlean daonlathach don gheilleagar ar leas an chine dhaonna is na timpeallachta

Cuirimis Deireadh leis an Chaipitleachas!

Dar le cosantóirí an chaipitleachais go “dtógann an córas daoine amach as an bhochtanas. I bhfírinne, gach lá go leith nó mar sin, “éireoidh million duine beo bocht” agus duine amháin eile ina bhilliúnaí.

Cuir i gcás Muintir  Walton – úinéirí Walmart – mar shampla. Idir 2020 agus 2022, d’fhas a maoin de $503,000 in aghaidh na huaire ach ní thuilleann an gnáthoibrí Walmart ach $20,942 in aghaidh na bliana agus tá cuid mhaith acu ar níos lú ná sin go fóill. I mbeagán focal, faigheann Muintir Walton níos mó ná 23 oiread gach uair an chloig níos mó mar a fhaigheann duine dá gcuid fostaithe in aghaidh na bliana.

Cad is féidir bheith ag súil leis faoin chaipitleachas má leanann sé ar aghaidh? Géarchéimeanna eacnamaíocha, éagothroime, athrú aeráide agus cogadh mar atá againn anois agus is in olcas atá cúrsaí ag dul. Ní féidir leis an aicme oibre a bheith ag súil le rud ar bith eile mar níl ann ach córas atá bunaithe ar an dúshaothrú.

Total
0
Shares
Previous Article

It’s time to get rid of capitalism – time for socialism

Next Article

Sharpening mental health crisis results in record dropout from third level

Related Posts