Sóisialachas 101: Ná cuireann an caipitlíochas obair dhian chun cinn mar go ndeineann airgead daoine a spreagadh?

Le Eddie McCabe

Tá an chruinneshamhail a bhíonn ag gach eacnamaí agus polaiteoir deasach bunaithe ar an smaoineamh go spreagtar daoine le hairgead don gcuid is mó, agus uaidh sin, ní féidir leo geilleagar ná fuil bunaithe ar ghineadh brabúis a shamhlú.

Gan amhras, i ngeilleagar caipitleach, muna bhfuil airgead agat ní féidir maireachtaint, mar sin is fíor go bhfuil an spreagadh sin i gcónaí ann. Ach an é síorchaitheamh i ndiaidh bhreis airgid an rud a spreagann daoine chun gach rud a dheinid a dhéanamh? Ní hea, ná é.

Deineann daoine gach saghas ruda lena gcuid ama teoranta, bíodh sé iontach nó leathchuíosach, ar chúiseanna eile seachas airgead. Toisc ná deintear infheistiú i dtionsnaimh nach féidir brabús a dhéanamh astu fén gcaipitlíochas, níl de rogha ag an gcuid is mó de dhaoine ach tabhairt fé rudaí mar shampla ealaín, ceol, eolaíocht, polaitíocht agus spórt gan cúnamh airgeadais.

’Sí an fhírinne ná go n-oibríonn na milliúin daoine i bpoist ná fuil puinn suime acu iontu díreach chun go mbeadh go leor airgid acu chun maireachtaint, agus go ndeinid forbairt ar a suimeanna leis an am a bhíonn fágtha acu.

Anuas air seo, tá samplaí gan áireamh de dhaoine a chaitheann a saol ag obair ar son na cúise, agus puinn nó beagán airgid á fháil acu as. Samplaí de seo iad leithéidí Greta Thunberg agus an tAth. Peter McVerry. An cúiteamh is mó a fhaigheann siad de bharr a gcuid oibre ná go bhfuilid ag cabhrú le daoine nó leis an dtimpeallacht.

Chomh maith leis seo, léiríonn institiúidí neamhbhrabúis ar nós Wikipedia- an ceathrú suíomh idirlín is mó tóir ar domhan- dúinn cad is féidir a dhéanamh le hoibrithe deonacha (don gcuid is mó).

Ach téann sé seo níos domhaine ná mar a léirítear thuas. Teaspáineann staidéir a deineadh le déanaí (ní sóisialaigh a bhí ina mbun ach Banc Cúlchiste Feidearálach Bhostúin) gur spreagthóir maith is ea airgead nuair is tascanna simplí meicniúla a bhíonn i gceist, agus má thugtar cúiteamh airgid ar an saghas oibre seo go mbíonn táirgiúlacht níos airde ann- ach sin é. Nuair is obair níos casta a bhíonn i gceist go mbíonn scileanna agus cruthaitheacht ag teastáil do, ní thugann cúiteamh airgeadais na torthaí céanna, agus má bhíonn aon tionchar aige ar chursaí, gur tionchar diúltach a bhíonn ann. 

Chomh luath is ná caithfidh daoine a bheith buartha fé airgead, bíonn siad ábalta a gcuid fuinnimh, talainn, agus ábaltachta a chur chun oibre. An rud a spreagann daoine san ionad oibre dáiríre ná trí fhachtóir eile: neamhspleáchas, máistreacht agus feidhm. Ciallaíonn sé seo 1) go mbeadh cuid mhaith smachta acu ar a saol oibre, 2) go ndéanfaidís forbairt ar a scileanna go buaic a gcumais agus 3) go mbeadh rudaí suntasacha á dhéanamh acu a dhéanfadh maitheas don sochaí timpeall orthu.

Sé an saol a bhíonn i ndán don gcuid is mó d’oibritheoirí fén gcaipitlíochas ná 40 uair an chloig d’obair fhíorleadránach fé dheachtóireacht na bainistíochta. Anuas air seo, bíonn siad buartha fé dhiongbháilteacht poist agus cúrsaí airgeadas an t-am ar fad. Ní bhíonn ach corrdhuine go mbíonn neamhspleáchas, máistreacht ná dealramh ag baint lena bpoist.

Maidir le nuálaíocht, tá díspreagadh ann fén gcaipitleachas slite níos éifeachtúla a fháil chun a bheith ag obair, mar ná beidh pá níos fearr ná níos lú oibre mar thoradh air seo- i ndeireadh an tsaoil, beidh níos lú post ann d’oibritheoirí.

Cuimhnigh ar an ndul chun cinn mór a fhéadfaí a dhéanamh dá mbeadh rudaí an tslí eile timpeall. Cuimhnigh ar na féidearachtaí a thiocfadh chun cinn dá ndéanfaí freastal ar na riachtanaisí bunúsacha a bhíonn ag daoine- bia, fothain agus slandáil- agus ná beadh orthu a bheith buartha fén iad féin a choimeád ina mbeathaidh, mar is air sin is mó a chaitheann daoine a gcuid airgid.

Total
0
Shares
Previous Article

Review: It’s Okay to Be Angry About Capitalism by Bernie Sanders

Next Article

Poland: Half a million protesters take to the streets of Warsaw

Related Posts