Cáinaisnéis 2024: Éagothroime na gCaipitleach faoi Lánseol

Le Mick Barry TD

Beidh gnáth-oibrithe níos measa as an bhliain seo chugainn ná mar a bhí in 2023. Tá an rialtas seo ag tabhairt tús-áite do leas lucht gnó is na saibhre thar riachtanais an ghnáthdhuine. Mór an náire iad.

In ainneoin rí-rá agus ruaille buaille an rialtais faoin Cháinaisnéis, is beag difear a dhéanfaidh na hathruithe seo le dul i ngleic leis an dochar atá á dhéanamh mar chuid den ghéarchéim chostas maireachtála. Cáinaisnéis a rinne maitheas do na tiarnaí talún don chuid is mó, iontas na n-iontas, iad go maith as mar gheall ar fhaoiseamh cánach, agus dearmad déanta orthu siúd atá ag fulaingt de bharr an ghéarchéim tithíochta.

An saibhreas atá ann anois.

Níor ghá do chúrsaí bheith mar seo. Tá go leor agus níos mó saibhris sa tsochaí seo le feabhas a chur ar shaol fhormhór na ndaoine a mhaireann inti. Tá roinnt eacnamaithe á thuar farasbarr de €65 billiúin sa chéad cheithre bliana eile. Fiú muna mbeadh ann ach leath an mhéid seo, d’fhéadfaí é a úsáid le dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag gnáth-oibrithe.

Tá i bhfad níos mó ná an méid sin carnaithe i lámha an bheagáin. Tá brabach na n-ollchomhlachtaí i ndiaidh ardú ó €75 billiún in 2012 go €250 billiún in 2021, agus d’ardaigh siad arís ó shin.

Tá an Páirtí Sóisialach ar son ráta cánach corparáidí de 25% Chruinneodh sé seo os cionn €40 billiún ná mar a chruinnítear faoi láthair agus is mó i bhfad é ná mar a chaillfí trí infheistíochtaí a tharraingt siar. Dá stopfadh Éire a bheith ina tearmann cánach do chomhlachtaí móra, bheadh na billiúin ann le hinfheistiú i seirbhísí poiblí riachtanacha ar nós seirbhís sláinte aon-leibhéil, saor ag pointe a húsáide.

Tá méid na ndaoine a bhfuil os cionn $50 milliún acu i ndiaidh ardú ó 655 duine go 1,435 le himeacht deich mbliana idir 2012 agus 2021. Tá €388 billiún ag 5% (93,000) de shealbhóirí tí, thart ar €4.2 milliún an duine ar an mheán. Muna mbeadh ann ach ráta cánach de 2% (príomháitribh chónaithe ar fiú níos lú ná €1m as an áireamh) chruinneofaí ar a laghad €6 billiún.  

Dá ngearrfaí cáin 50% ar theacht isteach aonarach idir €100,000 agus €150,000 chomh maith le ráta 55% ar theacht isteach €150,000 – €200,000, 60% ar €200,000 – €275,000 agus 65% ar €275,000+, chruinneofaí €3 bhilliún bhreise.

Athrú radacach sóisialach

Tá seirbhísí uainn ar nós cúram leanaí ar ardchaighdeán saor in aisce, iompar poiblí inrochtana saor in aisce agus gur féidir brath air, íocaíocht leasa shóisialaí de €350 sa tseachtain, bunráta pá de €17 san uair, deireach á chur leis an USC; agus comhlacht tógála stáit chun méadú as cuimse sa tithíocht shóisialta agus inacmhainne a chur ar bun. Is féidir é seo uilig a dhéanamh. Ní le déanamh ach maoin is acmhainní a thógáil ó lámha príobháideacha agus iad a riar ar bhonn doanlathach. Sin a dhéanfadh rialtas sóisialach.

Ach is iad Fianna Fáil agus Fine Gael a chinntíonn an éagothroime chaipitleach seo. Caithfear iad a ruaigeadh as oifig leoga, ach caithfear an córas a athrú fosta. Tá úinéireacht phoiblí uainn ar an mhaoin atá faoi smacht na gcreach-chistí, na n-ollchomhlachtaí is na mbilliúnaithe. I mbeagán focal, is réiteach gach faidhbe – ní hamháin nár éirigh le rialtas i ndiaidh rialtais a réiteach ach rinne siad níos measa iad – ná an sóisialachas.

Total
0
Shares
Previous Article

Budget 2024: Capitalist inequality continues 

Next Article

Relentless massacre in Gaza: Imperialism backs Israeli State terror, solidarity with Palestine grows

Related Posts