Na Fóid a Sheasann Muid

Eagraíocht shóisialach ar son deireadh a chur leis an chaipitleachas – atá mar chúis leis an dúshaothrú, an chos ar bolg, an chogaíocht agus léirscrios timpeallachta atá le feiceáil ar fud na cruinne sa lá atá inniu ann – is ea an Páirtí Sóisialach. Is muid an chraobh Éireannach den ISA a bhfuil craobhacha aige in os cionn 30 tír.

Bhí an Páirtí Sóisialach ar thús cadhnaíochta de gach gluaiseacht mhór i sochaí na hÉireann idir fheactais i gcoinne tháillí tí agus uisce, inar éiligh muid ollbhaghcat billí, an streachailt ar son aisghairm an ochtú leasú agus chearta ghinmhillte, inar eagraigh muid- in éineacht le ROSA – an ghluaseacht shóisialach-fheimineach – feachtas feasachta agus inar dháil muid pillí ginmhillte; ag cur iachaill ar an bhunaíocht choimeádach géilleadh don dul chun cinn.

Tá cruthaithe againn mar pháirtí le linn ár mblianta ar an fhód as ár tacaíocht gan sárú d’oibrithe is do phobail is iad ag streachailt agus ag feachtasaíocht go héifeachtach i gcoinne gach éagóra idir chiníochas, ghnéasaíochas, homafóibe agus thrasfóibe agus i gcónaí ag cur chlár smaointí chun cinn chun oibrithe agus óige a eagrú chun gnímh ar son gluaiseachta chun an tsochaí a ath-eagrú ar bhunús sóisialach.

Na Fóid a Sheasann Muid:

 “Tá lá an chórais chaiplitigh thart, ní fiú é a dheisiú, cuirimis deireadh leis.” Bhí an ceart ar fad ag Séamas Ó Conghaile. Cruthaíonn na géarchéimeanna ollmhóra sóisialta, polaitiúla agus eacnamúla a bhfuil ceannas acu ar ár saol sa 21ú aois go bhfuil an méid seo fíor, ach is práinní ar fad brí na bhfocal seo de bharr éigeandáil na timpeallachta. Sin an fáth go bhfuil an Páirtí Sóisialach ar son athruithe shóisialaigh réabhlóidigh agus an fáth go bhfuil muid ag eagrú ar a shon. Tá muid ar son gach cirt agus leasaithe a d’fhéadfadh feabhas a chur ar shaol an lucht oibre agus ag an am chéanna ag troid ar son a bhfuil uainn. Deir muidne: Muna acmhainn don chaipitleachas ár riachtanais, ní hacmhainn dúinn an caipitleachas!.

An tIonad Oibre

  • Méadú pá dédhigiteach(double-digit) do gach oibrí. Ar son bunráta pá €15 san uair.
  • Deireadh leis an obair phriaclach agus le ”féinfhostaíocht” mar dhea. Ar son uaireanta oibre deimhnithe le conarthaí buana do gach oibrí.
  • Seachtain cheithre lá oibre gan laghdú pá.
  • Laghdú aois an phinsin go 60. Éilíonn muid pinsean maith cinntithe do chách.
  • Ná ligtear daoine chun bealaigh. Oscail na leabhair agus cuir comhlachtaí a ligeann oibrithe chun bealaigh faoi úinéireacht phoiblí agus faoi smacht daonlathach bhainistíocht na n-oibrithe agus iarr-úinéirí a chúiteamh ar bhunús riachtanais deimhnithe amháin.
  • Aisghairm an tAcht Chaidrimh Thionscail. Ar son ceart chun eagruithe is an ghnímh éifeachtaigh.
  • Ar son ghluaiseacht ceardchumainn throdach a eagraíonn na neamheagraithe agus a shlógann cumhacht na mball uile. Ba chóir gach oifigeach bheith tofa, agus gurbh fhéidir iad a aisghairm agus go mbeadh siad beo ar an phá chéanna a bhíonn ag na hoibrithe ar a ndéanann siad ionadaíocht.

Tithíocht

  • Laghdaigh agus reoigh cíos ag praghas ar féidir a íoc. Cuir cosc ar dhíbirt.
  • Ar son cláir ollmhóir chun tithe poiblí a thógáil. Cuir na príomhchomhlachtaí tógála faoi úinéireacht phoiblí. Glac seilbh ar thithe folmha is ar thalamh nach bhfuil in úsáid agus a chruinnítear ar son brabúis.
  • Lóistín in oiriúint chultúrtha don Lucht Siúil.
  • Náisiúnaigh na bainc agus diúltaigh do na fiacha gránna. Laghdaigh íocaíochtaí morgaiste go léibhéal gur féidir a íoc.

Seirbhísí Poiblí

  • Cuir deireadh le smacht eaglaise ar scoileanna agus ospidéil – scaradh iomlán idir eaglais agus stát.
  • Ar son chlár ollmhór oibrithe poiblí chun scoileanna, ospidéil agus áiseanna chúram leanaí a thógáil.
  • Ar son seirbhís náisiúnta sláinte le haon srath amháin do chách, saor ag pointe a húsáide. Gach ospidéal, teach altramais agus comhlacht coigisíochta faoi úinéireacht phoiblí.
  • Scéim phoiblí chúram leanaí saor in aisce do gach pobal. Saoire thuismitheora shínte suas go dhá bhliain agus oideachas luathbhlianta d’ardchaighdeán.

Timpeallacht

  • Ar son infheistíochta suntasaí i gcóras iompair poiblí níos leithne, saor in aisce agus gur féidir brath air.
  • Cuir deireadh lenár spleáchas ar bhreosla iontaise- coinnigh sa chré é! Ar son infheistíochta leithne stáit san fhuinneamh in-athnuaite, ag iarfheistiú tithe agus fhoirgneamh poiblí agus ar son na fostaíochta glaise.
  • Ar son aistrithe chuig geilleagar gan charbóin gan poist a chailleadh ná cáineacha cúlchéimnitheacha
  • Cuir na hollchomhlachtaí breosla agus talmhaíochta faoi úinéireacht phoiblí dhaonlathach chun tuilleadh scriosta don domhan ar son an bhrabúis a stopadh.

Cearta Comhionanna do Chách

  • Seas in éadan gach sort ciníochais, gnéasaíochais, homafóibe agus trasfóibe.
  • Ar son gnéasoideachais LADTA-ionchuimsithigh bunaithe ar chomhthoil i scoileanna. Cúram sláinte iomlán maoinithe do dhaoine trasinscneacha.
  • An aois vótála a laghdú go 16.
  • Cosain an ceart chun dídine. Deireadh le Soláthar Díreach. 
  • Mór Againn Beatha Daoine Gorma(BLM) Seas an fód i gcoinne scoilt na heite deise.
  • Troid i gcoinne foréigean inscne-bhunaithe, mí-úsáid agus an chiaptha.
  • Ar son gluaiseachta sóisialaí feiminí a aontaíonn an lucht oibre sa streachailt in éadan an chos ar bolg.  

Ar son Aontacht na nOibrithe uile in Éirinn

  • Ar son aontacht an lucht oibre, idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh, ó Thuaidh agus ó Dheas, in éadan gach sort seicteachais, paramiliteachais agus chur faoi chois de chuid an stáit.
  • Éire Shóisialach, gan chur faoi chois agus cearta mionlach deimhnithe is faoi chosaint, mar chuid de chónaidhm shóisialach Éireann Alban, Shasana agus na Breataine Bige – saor, comhionainn agus deonach, mar chuid d’Eoraip shóisialach.

Deireadh a chur le Ceannas na mBilliúnaithe

  • Tóg an saibhreas ón 1% Ar son cánach forchéimnithí ar theacht isteach, shocmhainní agus bhrabús chun seirbhísí poiblí a mhaoiniú. Cuir stop le himghabháil agus seachaint cánach na saibhre.
  • Ráta cánach corparáideach a dhúbailt. Deireadh le polasaithe leasa do na hollchomhlachtaí.
  • Seas in éadan príobháidithe i gcúrsaí sláinte, oideachais, iompair, tithíochta, fuinnimh, sláintíochta, uisce agus sholáthar leathanbhanda. 

Ar son an Athruithe Shóisialaigh

  • Cruthaíonn an caipitleachas éagothroime, tubaistí timpeallachta agus cogadh. Tá streachailt idirnáisiúnta in éadan an chórais seo uainn.
  • Dlúthpháirtíocht le streachailtí oibrithe agus le daoine faoi chois go hidirnáisiúnta.
  • Seas in éadan na gcumhachtaí impiriúlacha uile, a gcogadh is a bhforghabhálacha. Seas in éadan NATO agus mhíleatachas an Aontais Eorpaigh.
  • Seas in éadan comhaontuithe “saorthrádála” na n-ollchomlachtaí. Seas in éadan Aontas Eorpach na mbossanaí is “Daingean na hEorpa.
  • Tóg ollpháirtí nua a eagraíonn oibrithe agus daoine óga in éadan gach éagóra agus ar son malairt slí shóisialach. Ar son gluaiseacht de chuid an lucht oibre chun rialtas sóisialach ar an eite chlé a bhriseann leis an chaipitleachas.
  • Cuir príomhearnáileacha an gheilleagair – na monaplachtaí baincéireachta, tionscail, talmhaíochta agus tech – faoi úineireacht phoiblí faoi stiúir dhaonlathach an lucht oibre.
  • Cuir pleanáil dhaonlathach shóisialach ar son leas thromlach na ndaoine is na timpeallacht in áit an mhargaidh chaipitligh