Le Leah Whelan
Is fadhb náisiúnta í an ghéarchéim tithíochta agus ní eisceacht na Gaeltachtaí. Tá cíosanna ag ardú as cuimse, easpa tithíochta fadtéarmach agus fadhbanna maidir le cead pleanála. (De bharr sin, tá éifeacht na ndúradán i gceist leis an teanga agus cearta teanga freisin.)
Cómh maith leis na fadhbanna seo, tá na ciorruithe nua de níos mó na €800,000 i maoíniú Foras na Gaeilge ag cur isteach ar an troid ar son na teangan. Cé go bhfuil saghas athbheóchan ag teacht i labhairt na Gaeilge faoi láthair, tá tacaíocht láidir ag teastáil don bfheachtas chun an dul chun cinn seo a threisiú.
De bhár seo, tá Agóid Náisiúinta na Gaeilge á eagrú i mBaile Átha Clíath ar an 20ú Méan Fómhar. Beidh an agóid ag tosú ó Chearnóg Parnell agus ag dul go Teach Laighean. Is é seo an chéad agóid náisiúnta ‘CEARTA’ ar son na Gaeilge. Is iad grúpaí ón nGaeltacht atá mar príomhceannairí ar an agóid seo, go háirithe grúpaí cosúil le Bánú, Conradh na Gaeilge agus Tinteán.
Ciorruithe
Tá an Stáit ag gearradh síor ar an mbuiséad chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Ag tús na blíana chuir Foras na Gaeilge in iúil go mbéadh ciorraithe á chur i bhfeidhm. Tar eis an fógra seo, tháinig níos mó ná céad duine ó phobal labharftha na Gaeilge le céile i cruiniú i mBaile Átha Cliath, eagraithe ag Conradh na Gaeilge. Ag an gcruinniú do labhair na daoine a bhí i láthair go diongbháilte agus le práinn – ag cur béim ar na deacrachtaí atá ann faoi láthair maidir leis an Ghaeilge, agus na dúshláin san todhchaí. Labhair síad faoí an dochar a dhéanfadh na ciorraithe sa chiste do na campaí samhraidh, grúpaí óige, agus seirbhisí eile do ghaeilgeoirí .
Cearchéim tithíochta
Deir na heagraíochtaí Gaeltachta gur eagraigh síad an agóid seo tar éis blianta de ghealltanais briste ag an Ríaltas agus easpa cistiú chun tacú leis an teanga agus leis an nGaeltacht. Tá ceithre mór-éileamh i gceist:
Maoiniú – dul i ngleic leis an éigeandáil i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus fáil réidh go h’iomlán leis na ciorruithe de €800,000;
Oideachas – dul i ngleic leis an éigeandáil ins an gcóras oideachais agus go mbeadh sé de cheart ag gach dalta scoile, Thuaidh agus Theas, freastal ar an nGaelscolaíocht dá mba mhían leo.
Cearta – tá roinnt cearta teanga, reachtaíocht teanga agus gealltanais bainte amach le roinnt blianta anuas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, ach níl cuid mhaith acu feidhmithe agus ag soláthar na cearta cuí don bpobal fós;
Tithíocht – go gcinnteófar go mbeidh an ceart ag pobal na Gaeltachta cónaí ina gceantair dúchais, an soláthar cuí a dhéanamh leis seo a chinntiú agus, mar thoradh air seo, cabhrú leis an teanga a shlánú agus a láidriú mar theanga phobail ins na ceantair céanna;
Mar a sheasann sé, tá sé fíor deacair teach a cheannach nó teach a fháil ar cíos réasúnta ins na Gaeltachtaí agus de bharr seo is cinnte nách bhfuil daoine óga ón nGaeltacht i ndán cónaí ina áit dúchais, rud a chabhródh go mór le fás na Gaeilge mar theanga labhartha.
Is léir go bhfuil nasc idir na héilimh seo. Tá tionscnaimh teanga riachtanach don cheantar, mar atá seirbhísí cosúil le cúram leanaí, ceol, ealaín, agus obair óige. Seasann muidne, mar shóisialaigh agus mar chainteoirí Gaeilge, go daingean i gcoinne na gciorruithe seo agus ar son infheistíochta fíor. Teastaíonn clár mór tógála tithe tábhairne uainn chun tithe a chinntiú do phobail na nGaeltachtaí agus chun a chinntiú go mbeidh múinteoirí in ann maireachtáil inár mbailte agus inár gcathracha.
Ní mór dúinn seasamh i ndlúthpháirtíocht leis an bpobal Gaeilge agus tacú le léirsithe mais agus gníomhaíocht thionsclaíoch sa chóras oideachais, mar shampla. Mar an gcéanna, ní mór dúinn an Identity and Language Bill a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart, agus plean fadtéarmach a chur i bhfeidhm don teanga agus dá todhchaí.