Is mór an chonspóid arís a bhaineann le hinfheictheacht na Gaeilge i spásanna poiblí. Tháinig na páirtithe Aontachtacha amach in éadan comharthaíocht Ghaeilge sa Stáisiún Mhór Láir i mBéal Feirste, agus tá dúshlán dlíthiúil curthha i leith an phlean ag Jamie Bryson. Ar an 14ú Aibreán, eagraíodh agóid beag in éadan na comharthaí nua, i ndiaidh an t-Aire Bonneagair Shinn Féin, Liz Kimmins, a fhógairt go mbeadh comharthaí Gaeilge ceadaithe agus curtha ag an mol iompair phoiblí nua. Tá síad siúd atá ag íarraí freasúra a spreagadh ag búaladh drumaí an tseicteachais mar íarracht a dhéanamh ar chúis eagla a dhéanamh den Ghaeilge chun áird a dhíriú óna gcuid teipeanna agus a clár oibre ciniciúil a chur chun cinn.
Seas in éadan polasaithe déine
Cé nach rud nua é seo, ní mór cur ina choinne agus cuir i gcoinne an bhréag a mhaíonn go mbaineann sé seo le ‘leithdháileadh cuí’ acmhainní teoranta airgeadais. Ar ndóigh, bheadh sé níos fearr dá mbeadh an Ghaeilge ar na comharthaí agus na meaisíní ticéad ar an gcéad dul síos. Léiríonn an teip seo go bhfuil an Ghaeilge mar iarmhachnamh do na páirtithe polaitiochta, Sinn Féin san áireamh, Mar sin féin, níl sé sin ina chúis le cur i gcoinne comharthaíocht dhátheangach.
I gcomhthéacs na déine atá á bhrú ag Páirtí an Lucht Oibre i Westminster agus ag na páirtithe go léir san Fheidhmeannas anseo, ní mór an argóint faoí “acmhainní teoranta” a dhiúltú go hiomlán. Muna thárlaíonn san, beidh sé níos furaiste do na páirtithe an argóint céanna a úsáid maidir le ciorraithe a dhéanamh go geinearálta agus maoiniú do thograithe poiblí difriúla a choinneáil síar.
Mar shampla, bhain Emma Little-Pengelly (DUP), úsáid as an argóint chéanna le cur i gcoinne ceapachán coimisinéara aeráide do Thuaisceart Éireann, ag maíomh go raibh gá le tosaíocht a thabhairt do rudaí níos práinní agus acmhainní teoranta Stormont á gcur san áireamh. In ionad glacadh leis go bhfuil acmhainní Stormont teoranta, caithfimid a thabhairt chun suntais go bhfuil rogha eile ag páirtithe an Fheidhmeannais: buiséad a shocrú bunaithe ar riachtanais agus an troid a thabhairt do Westminster chun a leithéid de bhuiséad a fháil, ag éileamh ar an Lucht Oibre chorparáidí agus lucht an tsaibhris a chánachadh agus cumhacht a thabhairt do na reigiúin chun ligean do Stormont an rud céanna a dhéanamh.
Argóintí Bréagacha
In Ollscoil na Banríona (QUB), tá Aontachtaithe Óga Uladh, cumann mac léinn a bhfuil baint acu le Páirtí Aontachtach Uladh, i gcoinne feachtais ar son na comharthaíochta Gaeilge agus íad ag éileamh go gcuirfeadh sé seo le himní faoi QUB a bheith ina “theach fuar” d’aontachtaithe. Déanann sé seo neamháird ar an spéis méadaithe sa Ghaeilge, i measc daoine ó chúlraí Protastúnacha san áireamh. Deir siad, má tá acmhainní ar fáil, gur cheart íad a úsáid le haghaidh soláthar táirgí míostraithe saor in aisce, a cuireadh ar fáil ar na mallaibh ar fúd an champais. Seasann sé seo arís leis an míthuiscint go bhfuil acmhainní teoranta, agus go gcaithfimid rogha a dhéanamh idir cé acu gur ceart a gcearta a chur chun cinn. Is líne argóinte atá lochtach go bunúsach, atá ciniciúil agus deighilteach í, a thaispeánann comh ciniciúil is atá an tacaíocht do scéimeanna ar nós táirgí míostraithe saora imeasc íad siúd a dheineann na hargóintí sin. Is ollscoil an-saibhir í QUB agus is féidir leis an dá thionscnamh a mhaoiniú. Ní féidir linn na hargóintí bréagacha seo – an rogha idir “seo nó sin” – a cheadú. Baineann an rud céanna le cearta gach teanga eile. Níl aon údar mhaith le maoiniú a choinneáil síar chun infheictheacht agus inrochtaineacht na Gaeilge a mhéadú.
Tá infheictheacht na Breatnaise in áiteanna poiblí mar chuid de straitéis dhearfach chun cur lena húsáid sa Bhreatain Bheag le blianta beaga anuas. Ba chóir do QUB an treoir seo a leanúint agus comharthaí Gaeilge a chur ar a champas. Ag an am céanna tá deis ann do mhic léinn agus do fhoireann na hOllscoile a bheith chun chinn maidir le fíor-idirphlé agus comhphlé a chruthú i measc phobal na hollscoile, idir foireann agus mic léinn, idir chainteoirí Gaeilge agus nách ea. Is féidir é seo a dhéanamh ar bhealach nách dtéann trí priosma seicteach an phlé níos leithne sa sochaí agus a chruthaíonn spás inar féidir aghaidh a thabhairt ar imní agus buarthaí freisin. Dá dtiocfadh na ceardchumainn agus grúpaí mhic léinn le chéile, d’fhéadfaí plé a éascú faoin atmaisféar is fearr, is fáiltiúla, is measúla agus is éagsúla a chruthú.
Troid ar son infheictheacht feabhsaithe agus fíormhaoiniú
Is gluaiseacht fáilteach í an tionscnamh chun comharthaíocht Gaeilge a chur san áireamh i spásanna poiblí agus ní mór an iarracht chun comharthaíocht den sórt sin a dhiúltú, a cháineadh agus cur ina choinne. Baineann sé seo le troid ar son fíor-réadú cearta teanga do phobal na Gaeilge agus do fhoghlaimeoirí, chomh maith le haird a tharraingt ar thabhact chultúrtha agus stairiúil na Gaeilge anseo agus an t-idirdhealú stairiúil atá os a comhair a chur ar ceal. Is gné thábhachtach de seo infheictheacht mhéadaithe na Gaeilge i spásanna poiblí – pointe a bhaineann le hUltais freisin. Ach sa streachailt ar son cearta teanga na Gaeilge a bhaint amach, tá i bhfad níos mó ag teastáil.
Is fada gur fhulaing an Ghaeilge de bharr leithcheal stairiúil agus cur faoí chois. Tá seo leanúnach le gantannas mhaoiniú agus faillí. Mar shampla, níor aisghairmeadh sa Tuaisceart, ach le déanaí, dlí a théann siar go dtí 1737 a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna, De bharr diongbháilteacht, paisean agus frithsheasmhacht phobail na Gaeilge, fanann an teanga slán chomh fada agus atá sí inniu.
Cé go bhfuil tábhacht ag baint le comharthaíocht dhátheangach agus go gcuirtear fáilte roimh aon dul chun cinn, is céim réasúnta beag chun cinn atá i gceist í i gcomhthéacs an déine níos leithne sa lá atá inniu ann, agus atá ag cur isteach go mór ar Earnáil na Gaelscolaíochta. Tuigeann Sinn Féin go maith – a bhfuil an tAireacht Airgeadais acu- go bhfuil dían tionchar ar sheirbhísí poiblí ag na ciorraithe a chuireann síad i bhfeidhm taobh leis an DUP, an UUP agus Alliance sa bhFeidhmeannas. Tá tionchar ollmhór aige seo ar sheirbhísí cosúil le Foras na Gaeilge agus faighteoirí maoinithe a thagann tríd an eagraíocht sin.
Tá Sinn Féin freagrach chomh maith as na ciorruithe lofa céanna a dhéineann dochar don Ghaeilge agus a théann in éadan na troda chun í a chosaint mar theanga mhionlaigh atá i mbaol. Is iad seo na ciorruithe céanna a chuireann bac ar ealaín, litríocht, amharclannaíocht, pictiúrlann agus cultúr, beag beann ar cén teanga ina bhfuil siad.
Má thugaimid áird ar an ngéarchéim atá ag tarlú laistigh den Oideachas i gcoitinne, cimíd easpa maoinithe, easpa acmhainní chun freastal ar riachtanais dhaltaí, agus ualach oibre nach féidir a chomhlionadh ag fóirne teagaisc agus tacaíochta. Bíonn tionchar thar fóir ar Ghaelscoileanna. I gcomhthéacs na scoileanna atá ag streachailt cheana féin le leibhéil chuí fóirne a chomhlíonadh, tá sé níos deacra ar fad oibrithe atá líofa sa Ghaeilge a aimsiú de bharr droch-phá agus droch-chóireáil ár n-oideoirí agus ár cúntóirí ranga. Tá foireann a labhrann Gaeilge riachtanach chun timpeallacht tumoideachais na Gaeilge a chothabháil, rud a ligeann do dhaltaí an teanga a fhoghlaim.
Tá sé soiléir ón Deisceart go gcaithfidh tacaiocht don Ghaeilge dul thar reitric amháin. Maíonn an Ríaltas ansan gurb í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil an Stáit ach tá maoiniú Fhoras na Gaeilge teoranta freisin, Faigheann síad méid súarach de €16 milliún in aghaidh na bliana. Níor mhéadaigh an buiséad ach uair amháin ó 2008 agus tá ciorruithe ó ré na déine fós i bhfeidhm den chuid is mó. Is é sin in ainneóin na billiúin in ioncam cánach atá faighte ag rialtas an Deiscirt le blianta beaga anuas, cuid mór gan coinne leó. Tá géarchéim tithíochta agus costas mhaireachtála ag cur isteach go díréireach ar cheanntair Ghaeltachta – ceist ríthábhachtach a tharraingíonn an eagraíocht ghnáthphobail, Bánú áird uirthi. Léiríonn sé seo go bhfuil baint idir an streachailt ar son chearta na Gaeilge agus streachailt níos leithne chun deireadh a chur leis an ngantanas tithe ar phraghasanna réasúnta agus easpa dóthain maoinithe do sheirbhísí poiblí.
Diúltaigh do argóintí seicteacha
Níl bealach ar bith ann chun dul i gcomhairle le pobal ilghnéitheach na Gaeilge ar chúrsaí mar chomharthaíocht Ghaeilge san Ard Stáisiún nó ar ábhar ar bith a bhaineann le todhchaí na teanga. Is polaitíocht í i gcónaí ó bharr, maidir le cainteoirí Gaeilge, ach gan a rannpháirtíocht dáiríre. Mar ghrúpa mhionlaigh, ní cheart go mbeadh sé mar seo.. Tá sé fíorthábhachtach dul i gcomhairle le pobal na Gaeilge ina héagsúlacht iomlán agus go dtabharfaí guth dáiríe dóibh chun cearta agus todhchaí na Gaeilge a dhaingniú.
Caithfidh muid ceist na Gaeilge, a hinfheictheacht, agus a maoiniú a dhíchúpláil go gníomhach ón gcoimhlint idir páirtithe seicteacha lena chinntiú go mbeidh gach duine ar mian leo in ann í a fhoghlaim agus a úsáid. Is coscéim ríachtanach é sin le chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus na deiseanna ríachtanacha ar fáil do chainteoirí Gaeilge na linne seo agus amach anseo. Ciallaíonn sé seo dúshlán a thabhairt don bréag atá á bhrú ag fórsaí Aontachtacha éagsúla nach mbaineann an Ghaeilge ach le Caitlicigh nó gur ionsaí ar Phrotastúnaigh í. Léiríonn an stair, go deimhin, bréagachas na hargóinte seo; tugann Daonáireamh na hÉireann 1911 le fios go raibh an oiread Gaeilgeoirí ar Bhóthar na Seanchille i mBéal Feirste agus mar a bhí ar Bhóthar na bhFál ag an am.
Taispeántar gur féidir na cosa a bhaint ón argóint seicteach seo ach féachaint ar an ardú suime ins an Ghaeilge atá ag tárlú i gceanntair le tromlacht Protastúnach. Mar shampla, tá ró éileamh ar na ranganna sinsearacha Ghaeilge in Oirthear Bhéal Feirste ag an togra, Turas. Cuireann an togra seo ar aghaidh an argóint go láidir gur le gach duine an Ghaeilge.
Caithfear an dubhshlán a thabhairt do na páirtithe Náisiúnacha nuair a dheineann síad íarracht a chur chun chinn go mbaineann úinéireacht ar an dteanga le Caitlicigh amháin. Dúhshlán comh maith nuair a fhograíonn síad ráitis scannalacha, seicteacha, athlastacha coúil leis an ráiteas gur ‘piléir do saoirse Éireannach’ an Ghaeilge.
Chun troid in aghaidh na h’ionsaithe milteannacha ar sheirbhísí poiblí, caithfimíd teacht le céile i bhfeachtais aontaithe a shéanann an bréag go bhfuil achmhainni teoranta maidir le seirbhísí mar Oideachas. Is láidre ar fad na feachtais seo nuair a thugann síad dúshlán don mhaorlathas pholaitiochta atá aontaithe go maith nuair a thagann sé chun ionsaithe ar chearta agus ar caighdeán maireachtála phobail lucht oibre.